Cineál | ócáid |
---|---|
Bailíocht | 1931 - |
Tréimhse | 1931 - |
Tír | Éire |
Suíomh gréasáin | npa.ie |
Aonach ábhalmhór bliantúil is ea an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta(CNT),[1][2][3] ar cheann na himeachtaí is tábhachtaí san fhéilire náisiúnta i mí Mheán Fómhair gach bliain.[4][5] Dírítear sa gComórtas ar threabhdóireacht, ar chúrsaí feirmeoireachta, ar ghnó talmhaíochta, ar an saol tuaithe, ar bhia agus ar chúrsaí faisin.
Bíonn rud éigin ann do gach duine de gach aois, mar shampla, aonach siamsaíochta, seó faisin, ealaín agus ceardaíocht, ainmhithe feirme, seómharcaíocht, bia, innealra feirme. Bíonn an-tóir gach aon bhliain ar na taispeántais innealra feirme go háirithe.[3] Agus é aitheanta mar an t-imeacht amuigh faoin aer is mó san Eoraip, bíonn níos mó i gceist leis an gCNT ná taispeántas feirmeoireachta amháin.[6] Reáchtáiltear taispeántais éagsúla agus ilghnéitheacha ag an gComórtas. Déantar ceiliúradh mór leis ar shaol na tuaithe, ag a dtaispeántar an chuid is fearr de thalmhaíocht, táirgeadh bia, agus ceardaíocht na hÉireann.
Sna 2020idí, bhí an seó ar siúil i Ráithín an Uisce[7] i gContae Laoise. (Cuireadh an ócáid ar ceal i 2020 agus 2021 de bharr na paindéime Covid). In 2022, bhí 1,700 seastán trádála curtha in airde ar an suíomh 900 acra. Rith an cosán treabhdóireachta 37 ciliméadar ar fad. D'fhreastail timpeall 300,000 duine ar an ócáid.[8]
Is é suíomh gréasáin oifigiúil na hócáide, www.npa.ie, an acmhainn riachtanach don eolas ríthábhachtach go léir, lena n-áirítear ticéid a cheannach.