Rítheaghlaigh in iarthair na hÉireann meánaoise ba ea Na Connachta. Mhaígh siad gurbh é Conn Cétchathach, Ardrí seanscéalach, a sinsear. Tá Cúige Connacht an lae inniu ainmnithe astu. Ag amanna éagsúla ámh, bhí tailte acu fosta san Ulaid, Laighean agus Mumhain. Bhíodh an príomhionad acu ag Ráth Cruachan.[1]
Cuireann cúige (cóiced) in úil go raibh peintearcacht ann i réamhstair na hÉireann, agus mar bhaill aici ná na Connachta,[2] na hUlaid, na Laigin, dream na Mumhain, i dteannta le Ríocht na Mí. Is amhlaidh go raibh an réim seo athraithe ag tús na staire sa luath-5ú haois, le maolú na nUlad agus le bunú rítheaghlaigh Chonnacht nua soir agus ó thuaidh.
Rianaigh staraithe meánaoiseacha teaghlaigh na gConnacht stát go ceathrar nó cúigear mac Eachach Mugmedóin: Brian (Brión), Ailill, Fiachra, Fearghas Caoch (Fergus Caech) (curtha go liteartha, b'fhéidir) agus Niall Naoighiallach (Níall Noígíallach). Ghlaoití teóra Connachta ar mhuintreacha Uí Briúin, Uí Fiachrach agus Uí Ailealla (cuireadh Uí Maine níos deireanaí ina n-ionad) sa chúige féin.[3] D'éirigh muintir Uí Néill níos láidre ná a ngaoil, agus bhunaigh nó lean siad leis an Ard-ríogacht ag Teamhraigh.
Ní chreideann David Sproule ámh, go raibh brí 'sliochtaigh Choinn' ag an bhfocal 'Connacht', ag ina ionad sin 'ardcheannas', ón bhfocal conn. Níos deireanaí, cumadh an t-ainm Conn mar sinsear na fine.[4][5]
Tá smaoineamh Sproule glactha ag staraithe amhail is Paul Byrne.[6]
Dar le ginealeolaí meánaoiseacha, ba Connachta iad muintreacha na nOiriall agus Uí Mhaine,[7][8] cé le fírinne nach raibh siad gaolta. Tá sé mollta ag roinnt scoláirí gur cuireadh iad níos deireanaí le ginealach na gConnacht.[9] Is téann iad áfach na naisc idir Uí Mhaine agus clanna na gConnacht.
Feictear na Connachta go suntasach i scéalta na Rúraíochta, faoi cheannas a rí, Ailill mac Máta, agus a mbanríona Maedhbh (ba mhaith an airí sheachanta í) ag Ráth Cruachan, ina naimhde na nUlad faoi cheannas Chonchúir mhic Neasa ag Eamhain Mhacha. Is iad na cogaidh eatarthu, go háirithe Táin Bó Cuailne, an suíomh de mhórchuid desna scéalta. Go traidisiúnta, tá na ságaí seo suite thart ar aimsir Chríost, rud a dhéanann, de réir dealraimh, iomrall aimsire. Deirtear de ghnáth go raibh na Connachta ainmnithe as Conn Céadchathach, a mhair sa 2a haois AD dar le Leabhar Gabhála na hÉireann.[10] Chun gabháil timpeall ar an deacracht seo, bhain téacsanna níos deireanaí úsáid as ainmneacha níos sine sin cheantar, mar a bhí, Cóiced Ól nÉchmacht, ainmnithe as dream ársa an cheantair, agus Cúige Gheanainn (Cóiced Genaind), ainmnithe as Genann, rí seanscéalach na bhFear Bolg.[11]
Is iarracht bhréagach í an chroineolaíocht, ámh, cumtha ag manaigh Chríostaí chun nósanna dúchais le stair chlasaiceach agus bhíobla a chur le chéile. Is níos sine iad na seanscéalta, agus is dóigh go bhfuil na scéalta úd bunaithe ar fíorchogaidh idir na Connachta agus na hUlaid.[12] Mheas Kenneth H. Jackson go dtéann an Rúraíocht siar go dtí an 4ú.[13]
Túathal Techtmar | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Fedlimid Rechtmar | Cathair Mór | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Conn Cétchathach | Eithne Táebfada | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Medb Lethderg | Art mac Cuinn | Achtan | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cormac mac Airt | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cairbre Lifechair | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Fíachu Sroiptine | Eochaid Doimlén | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Muiredach Tirech | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mongfind | Eochaid Mugmedon | Cairenn | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Brión | Fiachrae | Ailill | Fergus Caech | Niall | Airgíalla | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Uí Briúin | Uí Fiachrach | Uí Ailello | Uí Néill | Uí Maine | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||