Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | Constáblacht Speisialta | ||||
Stair | |||||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 31 Márta 1970 | ||||
Fórsa póilíneachta paraimíleatach, agus cúltacaí Chonstáblacht Ríoga Uladh, ba ea na B-Speisialtaigh nó Constáblacht Speisalta Uladh ("Ulster Special Constabulary", nó de ghnáth, na "B-Specials"), curtha le chéile i mí Dheireadh Fómhair 1920[1],[2] agus díscaoilte san earrach 1970.
Bunaíodh na ‘B Specials’ ar dtús chun cúnamh a thabhairt don RIC, agus ansin don RUC, dul i ngleic le gníomhartha Óglaigh na hÉireann (IRA).[3]
I ndiaidh gur síníodh an Conradh Angla-Éireannach i mí na Nollag 1921, d’aontaigh toscaireachtaí na Breataine agus na hÉireann araon ar an RIC a dhíscor. I stát nua Thuaisceart Éireann, tháinig Constáblacht Ríoga Uladh (RUC) isteach in áit an RIC. Eagras armtha a bhí ann. Ina dhiaidh sin, bhíodh '"cúnamh" á fháil ag an bhfórsa seo ó Chonstáblacht Speisalta Uladh, eagras deonach.
Ba Phrotastúnaigh iad formhór na mball den RUC ón uair a bunaíodh é, agus Protastúnaigh amháin iad na mball den B-Speisialtaigh, beagnach, rud a chuir as do Chaitlicigh i dTuaisceart Éireann.[4] Is iomaí Caitliceach a bhí barúlach nach raibh i gceist leis na Speisialtaigh ach fórsa leis na Caitlicigh agus na náisiúnaithe a throid, agus a bhí an Chonstáblacht féin ag iarraidh fíorphóilíneacht a dhéanamh.
Spreag na hionsaithe a rinne "na B-Speisialtaigh” sna 1960idí fuath seicteach. Le linn na scliúchas i Mí Lúnasa 1969, ní raibh na Constáblaí agus na Speisialtaigh in ann an tsíocháin a choimeád, agus tháinig na saighdiúirí dearga isteach ansin.
San earrach 1970, díscaoileadh (nó atheagraíodh) na "na B-Speisialtaigh”, ceann de na príomh-mholtaí sa tuarascáil Hunt ar 10 D.F. 1969[5], agus tháinig Reisimint Cosanta Uladh in áit na ‘B Specials’.