Contae Queens, Oileán Phrionsa Éadbhard | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Ceanada | ||||
Cúige Cheanada | Oileán Phrionsa Éadbhard | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 2,020.17 km² | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Is contae i lár Oileán Phrionsa Éadbhard é Queens. Is é Charlottestown, i lár an chontae, an príomhbhaile. I 2011 bhí cónaí ar 77,866 duine sa chontae, suas ó 72,744 duine i 2006.
D'ainmnigh an Captaen Samuel Holland an contae sa bhliain 1765 i ndiaidh Charlotte Mhecklenburg-Strelitz, bean chéile rí na Breataine ag an am. Ainmníodh Charlottetown ina diaidh chomh maith.
Tá Green Gables suite sa chontae, in Cavendish. Sin an teach agus feirm ina bhfuil an leabhar cáiliúil úd, Anne of Green Gables suite, é ina mhúsaem anois.
Sa bhliain 2011 bhí Béarla an teanga is comónta i gcontae Queens agus í an mháthairtheanga do 70,630 (90.7%) duine, bhí Fraincis an dara teanga is comónta agus í an mháthairtheanga do 1,645 (2.1%) duine sa chontae. Ba í an tSínis an teanga neamhoifigiúil is comónta agus í mar mháthairtheanga do 1,055 (1.4%) duine.