Stádas caomhnaithe | |
---|---|
Speiceas is lú imní | |
UICN | 192331 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Mollusca |
Aicme | Gastropoda |
Ord | Neogastropoda |
Fine | Conidae |
Géineas | Conus |
Speiceas | Conus ambiguus Reeve, 1844 |
Speiceas seilide farraige is ea Conus ambiguus, (Béarla: doubtful cone), moileasc mara gastrapódach sa bhfine Conidae, na seilidí coirceogacha agus a gcuid gaoil.
Cosúil le gach speiceas laistigh den ghéineas Conus, is ainmhithe creiche agus nimhiúla iad. Tá siad in ann ga a chur i ndaoine, dá bhrí sin ba chóir cinn bheo a láimhseáil go cúramach nó iad a fhágáil.
Ba é Lovell Augustus Reeve an chéad eolaí a rinne cur síos ar Conus ambiguus sa bhliain 1844, i Laidin agus i mBéarla in dhá théacs comhionann.
Chuir Reeve síos air mar a leanas:
“ |
The Doubtful Cone. Shell turbinated, smooth, ridged towards the base, rather obsoletely engraved with very fine, festooned, longitudinal lines; white, palely stained with light brown; spire obtusely convex, slightly canaliculated, ornamented with arched brownish spots; apex raised and pointed. |
” |
Tá blaosc bhán ag Conus ambiguus, le bannaí doiléire, donn éadrom, agus le fadstríocáin. Tá an spuaic ornáideach le spotaí dronnacha scothdhonna.
Tá an bhlaosc 1.5 orlach (38 mm) ar fhad.
Tá toisí na blaoisce den eiseamláir chineáil 39 x 22 mm.[1] Tá eiseamláir an chineáil stóráilte i Zoölogisch Músaem Amstardam (ard-Mhúsaem na Zó-eolaíochta ag Ollscoil Amstardam).
Ní raibh an cineál cheantar sonraithe ag Reeve. Tarlaíonn an speiceas seo san Aigéan Atlantach amach ó Iarthar na hAfraice (an tSeineagáil, Guine Bissau), ó na hoileáin Rinn Verde agus Angóla.
Cuimsíonn an t-alt seo an téacs fearainn phoiblí ó thagairtí.[2]