Is príomhchomórtas amhránaíochta an Oireachtais é Corn Uí Riada.
Is é Corn Uí Riada an onóir is airde san amhránaíocht ar an sean-nós. Bíonn ar na hiomaitheoirí amhrán mall amháin a chasadh agus amhrán amháin sciopaidh má ghlaoitear ar ais iad.
Sa bhliain 1972, rinne an comórtas comóradh ar shaol agus shaothar an chumadóra, Seán Ó Riada agus ainmníodh an comórtas in onóir dhó.
Sa bhliain 2008, sheol Peadar Ó Riada an t-albam Corn Uí Riada - Buaiteoirí 1972-2007 ag Oireachtas na Samhna. Raidió na Gaeltachta a d’fhoilsigh.[1]