Creachmhaoil | ||||
---|---|---|---|---|
Bóthar R446, Creachmhaoil | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae na Gaillimhe | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 62 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 19774 |
Sráidbhaile i gContae na Gaillimhe is ea Creachmhaoil[1], ainm a úsáidtear mar shloinne freisin (Craughwell nó Crockwell i mBéarla). Is dócha nár fhág mórán daoine an ceantar go dtí an chuid dheireanach den 19ú haois, ach anois tá an sloinne le fáil i dTalamh an Éisc, i mBeirmiúda, i Meiriceá agus in áiteanna eile.
Níl deoch in easnamh ar Chreachmhaoil - tá trí theach tábhairne ann, in éineacht le stáisiún póilíneachta, le hoifig an phoist agus le roinnt siopaí agus eile. Deirtear gur líonmhaire amach na fir ná na mná.
Tá baint ag an áit leis an bhfile Raifteirí (cé gur i gContae Mhaigh Eo a rugadh é) agus leis an mBanuasal Augusta Gregory, agus tá a ndealbha le feiceáil ann. Bhí an Ghaeilge láidir sa cheantar roimh an Drochshaol, agus bhí sí le cloisteáil fós i ndeireadh an 19ú haois, rud a lig do na bailitheoirí amhráin na ndaoine a bhreacadh síos, agus amhráin Raifteirí san áireamh.
Is iad Cill Órtha agus Cill Ó gCillín seanreiligí pharóiste Chreachmhaoile agus an Bhaile Mheánaigh. Tá baint ag an gcuid is luaithe de shéipéal Chill Órtha leis an 15ú haois, ach tá fianaise ann go raibh an séipéal á thógáil agus á dheisiú chomh luath leis an 12ú haois, agus is é an scéal céanna ag séipéal Chill Ó gCillín é. An bhliain 1619 a luaitear leis an leac is luaithe a fuarthas i reilig Chill Órtha, agus an bhliain 1654 i gcás reilig Chill Ó gCillín.
Tá ainm na lúthchleasaíochta ar Chreachmhaoil, agus bíonn a cuid lúthchleasaithe le fáil ag gach leibhéal, idir áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta.