Croithlí | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Uladh | |||
Contae in Éirinn | Contae Dhún na nGall | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 70 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1412967 |
Is baile suite i nGaeltacht Chontae Dhún na nGall é Croithlí[1] nó Croichshlí (leagan neamhoifigiúil Béarla: Crolly). Tá sé lonnaithe i bparóistí Ghaoth Dobhair agus Na Rosa. Abhainn Chroithlí a scarann an dá pharóiste. Ceantar dearóil, iargúlta ach galánta é Croichshlí.
Tá tábhairne Páidí Óg lonnaithe ann agus tá cáil ar Leo's Tavern (athair Enya agus Clannad)
Tá cáil ar an mbaile as Bábóga Chroithlí nó Crolly Dolls a dhéanamh, bábóga a dhíoltar ar fud an domhain. Dhún an comhlacht sna 1970dí ach d'oscail ceann úr sa bhliain 1993.
Ag deireadh na 1940idí, chaith an Tony O'Reilly, an fiontraí, ar a laghad bliain sa scoil i dTor gar do Chroithlí i nGaeltacht Thír Chonaill. Bhí a thuismitheoirí ag iarraidh go mbeadh Gaeilge ar a thoil aige, rud a bhí riachtanach ag an am dá mba mhian leat post a fháil sa státseirbhís.[2]
Scoil dhá oide a bhí an ag an am – príomhoide na scoile, Séamus Mac Giolla Bhríde (nó Jimmy Pheadair mar ab fhearr aithne air) agus Nora Dunlop. Dúnadh an scoil thart faoin bhliain 1968 ach tá an foirgneamh ann go fóill.[2]
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |