Saintréithe teicniúla | |
---|---|
Cineál | canú |
Saghas báid is ea curach (currach nó curragh i mBéarla) a bhfuil cabhail adhmaid aici agus í clúdaithe le canbhás (nó le seithí fadó). Níl báid den saghas seo le fáil ach in iarthar na hÉireann, sa Bhreatain Bhig agus san Albain agus cuma dhifriúil orthu de réir an réigiúin. I gContae Chorcaí, i gContae Phort Láirge agus i gContae Chiarraí tugtar naomhóg uirthi, agus tugtar “canoe” uirthi i gContae an Chláir. Tá gaol aici le curachán na Breataine Bige. Tá bád adhmaid i gConnacht a bhfuil an toirt chéanna inti agus a dtugtar curach adhmaid uirthi.
Baineadh feidhm as an gcurach riamh mar bhád mara agus mar bhád ar uiscí intíre. Bhí soitheach beag ciorclach a tógadh ar dtús i bhfoirm ciseáin as giolcacha ag na Ceiltigh is na Briotanaigh ársa. Dhéantaí uiscedhíonach í le seithí ainmhithe (nó le pic níos déanaí) agus í chomh héadrom sin go bhféadfadh fear amháin í a iompar.[1] Traidisiún é seo a mhair sa Bhreatain Bheag, in Albain[2] agus in Éirinn araon.
Dhá thraidisiún tógála bád a bhí in Éirinn, ceann an bháid adhmaid agus ceann an bháid seithe.[3] Bhí an laghad sin tathaig sa dara bád nach dócha go mbeadh aon iarsmaí le fáil ag an seandálaí mara, ach is léir ó na téacsanna go raibh sí ann leis na cianta cairbreacha.
Ceann de na téacsanna úd is ea an cuntas Laidine a tugadh ar iomramh nó aistear mara Bhréanainn, naomh a rugadh c. 484 in iardheisceart na hÉireann): Navigatio sancti Brendani abbatis. Tá tuairisc ann ar thógáil báid mhara: bhain na manaigh feidhm as uirlisí iarainn chun bád easnacha adhmaid a dhéanamh sicut mos est in illis partibus (“de réir an nóis atá acu sa taobh sin tíre”), agus chlúdaigh é le seithí a leasaíodh le coirt dara. Baineadh feidhm as tarra chun ceangal na seithí a shéalú. Ansin tógadh crann i lár na curaí agus crochadh seol.[4] Scéal iontais an t-iomramh i ndáiríre, ach cuirtear in iúl gur tógadh an churach de réir ghnáthnósanna na ré úd.[5]
Deir Gearóid na Breataine Bige in Topographia Hibernica (1187) go ndúirt mairnéalaigh leis go ndeachaigh siad ar foscadh ó stoirm amach ó chósta Chonnacht agus chonaic beirt fhear fholtacha faoi scriosán éadaigh ag déanamh orthu i mbád caol caolaigh a bhí clúdaithe le seithí. Fuair criú na loinge amach go raibh Gaeilge ag an mbeirt agus thug ar bord iad, agus tháinig iontas orthu siúd toisc nach bhfaca siad long mhór adhmaid riamh roimhe sin.[6]
Tá an oiread sin cosúlachta idir na cuntais a thugtar ó na luathmheánaoiseanna go dtí tús na ré nua-aimseartha gur dócha nár tháinig aon athrú mór ar dhearadh agus ar thógáil na gcurach idir an dá linn.
Tá tuairisc Laidine de chuid an 17ú haois againn ó láimh Philib Uí Shúilleabháin Béirre ar na cogaí Eilíseacha in Éirinn agus cuntas ann ar dhá churach a tógadh faoi dheifir chun dul trasna Abhainn na Sionainne. Tógadh an churach ba mhó acu mar a leanas: sádh dhá shraith de thuigí sa talamh os comhair a chéile amach, cromadh na cinn uachtaracha isteach ar a chéile ((ad medium invicem reflexa) gur ceanglaíodh le cordaí iad agus casadh an chabhail úd droim ar ais. Cuireadh cláir, tochtaí agus suíocháin isteach, ceanglaíodh seithí capall den taobh amuigh agus feistíodh leapacha iomartha. Deirtear go raibh acmhainn iompair tríocha fear aici.[7]
Rinne Sasanach, an Captaen Thomas Phillips, tógáil agus seoladh curaí mara de chuid an 17ú haois (leagan croschineálach den bhád adhmaid agus den bhád seithe) a léiriú: "A portable vessel of wicker ordinarily used by the Wild Irish".[8]
Tá amhras curtha i gcruinneas na sceitseanna seo[9] ach tá mionléiriú iontu agus taispeánann siad curach ar ceartleagan déanach í den seanchurach mhara. Tá sí isteach is amach le fiche troigh ar fad; tá cíle fúithi agus stiúir aici, cabhail chaolaigh aici atá daingnithe ag easnacha, agus crann inti. Í á tógáil ón gcíle aníos. Chuirtí clúdach (seithí, is dócha) ar an gcabhail agus an chaoladóireacht déanta agus tuigí ina dtaca ag na taobhanna idir an dá linn.
Tá an crann treisithe ag staghanna agus ag scriútaí dúbailte ar gach taobh agus iad ag teacht anuas go dtí cláir nó seanail. Tá an stagh tosaigh ag dul thar ghabhal beag os cionn na slaite, coirneog ceangailte di siúd agus craobh nasctha le barr an chrainn. Tá leathfhonsaí dúbailte ar an deireadh ar féidir clúdach a chur orthu.
Cuireann na sceitsí in iúl go raibh curacha den saghas seo coitianta le linn Phillips. Chuideodh an chíle leis an mbád a stiúradh,[10] ach bheadh an chabhail lúbach fós.
Is é an cuspóir atá ag lucht déanta curach soitheach éadróm láidir so-ionramháilte a sholáthar. Déantar an chabhail d’easnacha agus de ribíní rungáis agus gunail ar barr. Tá posta tosaigh agus posta deiridh aici ach is annamh cíle fúithi. Cuirtear tochtaí isteach agus glúine de réir mar is gá. Feistítear cléití nó crogaí, agus b’fhéidir go mbeadh crann agus seol ann, le rigín an-simplí. Clúdaítear an taobh amuigh den chabhail le canbhás tarráilte nó ceaileacó.
Bhaintí feidhm as curacha de chuid na himsire seo chun iascaireacht nó farantóireacht a dhéanamh, agus chun earraí, caoirigh agus eallach a chur sall. Tá cuntas ag an scríbhneoir Seán Ó Criomhthain ar conas a cheanglófaí cosa an eallaigh:
Ní i ngach áit ar an gcósta Atlantach féin a bhíodh an churach le fáil lenár linn. Níor bhain sí Contae Chiarraí amach go dtí an chuid deiridh den 19ú haois (c. 1880) agus gan in úsáid acu go dtí sin ach an bád saighne, bád trom adhmaid a raibh ocht mbuille ag teastáil chun í a bhogadh.[12] Bhain muintir na mBlascaodaí tairbhe ar leith as an naomhóg,[13] agus leagan suntasach réigiúnach di acu.
Tá sé de dhifríocht ag curach Mhaigh Eo go bhfuil cláir thanaí ar a tóin agus ar a taobhanna in áit na ngnáthribíní rungáis a gheofá taobh amuigh de chrannaíl na cabhlach. In Oileán Acla déantar an churach le gunailí dúbailte.[14]
Gunail dhúbailte atá ag curach Chonamara, in éineacht le bloc sclóine atá ceangailte de thaobh amháin den chuid chearnaithe de chos an rámha.
Bhaineadh muintir Árann feidhm mhór as an gcurach. Seol aici, rud nár ghnách sa limistéar, ach gan scriútaí ná staigheanna ann. Cé is moite den háilléar, ní bhíodh de théada ann ach an taca agus é tarraingthe chun pointe in aice leis an stuimine agus an scód, a bheadh tarraingthe siar agus nasctha leis an tochta thiar.[15]
Ba chosúil curach an Chláir le curach Árann. Agus í á déanamh sháfaí roinnt comharthaí adhmaid fad áirithe ó chéile sa talamh, rud a thaispeánfadh cé chomh leathan is a bheadh fráma na gunaile íochtaraí. Dhéanfaí é seo ar dtús agus ansin an fráma uachtarach, agus cheanglófaí na tochtaí le tairní.[16]
Bhí curacha reithe coitianta fós sna 1840í suas ó Loch Rí. Ní raibh siad le fáil ina dhiaidh sin ach amháin cois farraige in Inbhear na Sionainne.[17]
Bhí clú na maisiúlachta agus an luais ar churacha Chiarraí. Seol acu ar chrann gearr gan scriútaí agus é curtha i gceap gearr treo. An háilléar ag raith trí fháinne iarainn in aicle le barr an chrainn agus é ceangailte le seol beag cleithe a raibh scód agus taca aige. D’fhéadfaí cílí cliatháin a úsáid.[18]
Is beag duine atá ag déanamh curach go lánaimseartha. I gCorcaigh déanann Meitheal Mara curacha a thógáil agus daoine a oiliúint ar an gceird.[19]
Ar éigean atá an churach Albanach ann anois, cé go ndéantar ceann nua ó am go ham.[2] Bhíodh sí á húsáid ar Abhainn na Spé san oirthuaisceart agus in Inse Ghall.
I Statistical Account of Scotland 1795 tugtar cuntas ar fhear
Fiche bliain roimhe sin tá tagairt eile in History of the Province of Moray (1775):
Tá cuntas níos iomláine le fáil i dtaifid chúirte na hAlban (1780):
Bhaintí feidhm as curacha na Spé i hgnóthaí adhmaid, mar a luaitear in Pilgrimage etc. Ainslie (1822):
B’fhéidir go raibh siad seo le fáil fós san fhichiú haois, ó tá tagairt do "currick" sa Banffshire Journal (1926).