Dream nó fine ársa Ghaelach, lonnaithe go formhór i dtuaisceart chúige Chonnacht, nó Cóiced Ól nÉchmacht mar a bhíodh, ba ea Cálraí (Sean-Ghaeilge Cálraighe). Fuarthas iad fosta i gContae na hIarmhí agus Contae an Longfoirt.
Maíodh gur de shliocht Lugaidhe Cal mhic Dhaire Sirchreachtaigh, a maíodh fosta gurbh é féin de shliocht Lugaidhe mhic Íotha, col ceathrar Mhíl Espáine|. Deirtear go raibh cúigear mac ag Daire, darbh ainm uile Lugaid, agus iad ina sinsir Chorca Laidhe, Corco Oirce, Laois, Dál Mesen Corb agus na gCálraí féin.
Tá tuairim is dhá ghéag déag desna Calraí dtuaisceart Chonnacht, san áireamh:
- Cálraighe Tre Maige: Droim Lias, Contae Liatroma
- Cálraighe Aelmag: . Ba bhall den ghéag seo é Snedriagail (bás 781), abb Chluain Mhic Nóis
- Cálraighe Locha Gile: leagan eile
- Cálraighe Droma Cliab: leagan eile do Chálraighe Locha Gile
- Cálraighe Laithim: location uncertain, possibly near that of Droim Chliabh
- Cálraighe Mór: aithechtúath suite i measc Luíne i lár Shligigh
- Cálraighe in Chorainn nó Morna: Corann, Sligeach
- Cálraighe Luirg: Magh Loirg, Contae Ros Comáin
- Cálraighe Culi Cernadan: Áth Tí an Mheasaigh agus Cill na nGarbhán, Contae Mhaigh Eo
- Cálraighe Mag nEileag: suite ar bhruach iarthuaisceart Loch Con, Maigh Eo
- Cálraighe Mag Muirisci: ag béal na Muaidhe
- Cluain Chálraí: Cluain Calraí, Barr na Cúile, Maothail, Liatroim.[1]
- Druim Chálraighe: Droim Chalraí, gar do Charraig Álainn, Liatroim.[2]
- Cnoc Droma Calraigi: Cnoc Mhuire, Maigh Eo.
- géag gan fianaise ag Gleann Chalraí Íochtarach, Dún Fhíne, Maigh Eo
Fuarthas Cálraighe laistigh de chúige Chonnacht, san áireamh:
- ’Cálraighe Brí Leith: Longfort
- Cálraighe in Chalaid: Baile Locha Luatha, an Iarmhí
- Cálraighe Bregmuine: Breámhaine, an Iarmhí
- Cálraighe Tethba: Longfort
- Lugaid Cal and the Calraige, Donnchad Ó Corrain, Éigse 13, 1970
- Some Connacht Population Groups, Nollaig Ó Muraíle, in Seanchas:Studies in Early and Medieval Irish Archaeology, History and Literature in Honour of Francis John Byrne, ll. 162–65. Four Courts Press, Baile Átha Cliath, 2000.