| ||||
Cineál | éirí amach eirleach ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 16 Meitheamh 1976 ![]() | |||
Suíomh | Soweto, An Afraic Theas ![]() | |||
Tír | an Afraic Theas ![]() | |||
Maraíodh breis is 176 i gCíréib Soweto san Afraic Theas ar 16 Meitheamh 1976.[1]
D'éirigh daltaí gorma meánscoile amach in Soweto mar agóid i gcoinne úsáid na hAfracainise mar theanga theagaisc in áit an Bhéarla. Ach b'agóid pholaitiúil í sin, agus is beag baint a bhí aici le labhairt na teanga sna ceantair ar láidre í.[2]
Bhí an cath in aghaidh na cinedheighilte i gcomhfhios don saol mór ón lá sin amach. Tháinig ardú tuisceana dá bharr, agus theip ar an Apartheid de bharr dhásacht an phobail sna blianta ina dhiaidh sin.