Cúil Aodha | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae Chorcaí | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1412756 |
Ceantar Gaeltachta is ea Cúil Aodha[1] in Iarthar Chorcaí, ina gcónaíonn timpeall 2,000 duine.[2].
Tá traidisiún láidir amhránaíochta ann ar a dtugtar lúibíní cineál d'agallamh beirte a chantar. Tá clú na scéalaíochta ar a lán daoine as Cúil Aodha chomh maith.
Ba ann a chaith Seán Ó Riada cuid mhaith dá shaol. Bhunaigh sé Cór Chúil Aodha i 1963.[3][4] Tá cáil ar an gCór ar fud na hÉireann ó shin. Leanann a thionchar ar aghaidh le Cór Chúil Aodha faoi stiúir Peadar Ó Riada.