Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | ard-chúirt | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1937 | ||||
Suíomh gréasáin | http://www.supremecourt.ie/ | ||||
Is í Cúirt Uachtarach na hÉireann an t-údarás breithiúnach is airde i bPoblacht na hÉireann. Cúirt achomhairc dheiridh is í an Chúirt Uachtarach agus déanann sí athbhreithniú breithiúnach, i gcomhar leis an Ard-Chúirt, ar Achtanna an Oireachtais. Tá dlínse ag an gcúirt, chomh maith, chun a áirithiú go ngéilleann comhlachtaí rialtais agus gnáthshaoránaigh do Bhunreacht na hÉireann. Tá an Chúirt suite sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath.
Tá an Chúirt Uachtarach comhdhéanta d'uachtarán na cúirte (nó "Príomh-Bhreitheamh na hÉireann" mar a dtugtar air), Uachtarán na hArd-Chúirte a bhfuil ina bhall ex officio den Chúirt agus a shuíonn san Ard-Chúirt de ghnáth, agus seachtar gnáthbhall ar a laghad.[1]
Suíonn an Chúirt Uachtarach le comhdhéanamh de thriúr, cúigear nó seachtar Breithiúna. Féadtar dhá chomhdhéanamh nó níos mó a shuí ag an am céanna. Agus cinneadh á dhéanamh ag an gCúirt faoi éagumas buan an Uachtaráin de réir bhrí Airteagal 12 an Bhunreachta, faoi bhunreachtúlacht Bille a chuireann an tUachtarán faoina bráid faoi Airteagal 26, nó faoi bhunreachtúlacht aon dlí, caithfear an Chúirt a bheith comhdhéanta de chúigear ball ar a laghad.[2]
Is é Uachtarán na hÉireann a cheapann breithiúna na Cúirte Uachtaraí ar chomhairle cheangailteach an Rialtais. Ón mbliain 1995, gníomhaíonn an Rialtas ar chomhairle neamhcheangailteach an Bhoird Chomhairligh um Cheapacháin Bhreithiúnacha.[3]
Tugann an Chúirt éisteacht d'achomhairc ón Ard-Chúirt, ón bPríomh-Chúirt Choiriúil agus ó Chúirt Achomhairc na nArmchúirteanna. Féadfar srian trom a chur ar chumhacht na Cúirte achomhairc a éisteacht (má thagann an t-achomharc ón bPríomh-Chúirt Choiriúil nó ó Chúirt Achomhairc na nArmchúirteanna). Lena theannta sin, féadfar an chumhacht sin a eisiamh go hiomlán, ach amháin achomhairc maidir le comhréir bhunreachtúil dlí. Tugann an Chúirt Uachtarach éisteacht do phoncanna dlí lena dtaigrítear di ón gCúirt Chuarda. Baineann an chuid is mó de na cásanna a thagann faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí le poncanna dlí go hiarbhír.
Tá dlínse bhunaidh ag an gCúirt Uachtarach in dhá chás - faoi Airteagal 26, nuair a chuireann an tUachtarán Bille faoi bhráid na Cúirte chun cinneadh a dhéanamh maidir lena bhunreachtúlacht roimh é a fhógairt agus faoi Airteagal 12 nuair a bhíonn ar an gCúirt cinneadh a dhéanamh faoi mhíthreoir an Uachtaráin.
Feidhmíonn an Chúirt Uachtarach, i gcomhar leis an Ard-Chúirt, cumhacht chun dlíthe nach bhfuil i gcomhréir leis an mBunreacht a dhíothú. Deonaíonn na cúirteanna urghairí ar chomhlachtaí poiblí, ar chomhlachtaí príobháideacha agus ar shaoránaigh chun comhlíonadh Bhunreachta a áirithiú.
Foráiltear go sainráite le Bunreacht na hÉireann gur féidir athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar reachtaíocht. Tá Achtanna a ritheadh tar éis theacht i bhfeidhm an Bhunreachta neambhaillí mas rud é go bhfuil siad contrártha don Bhunreacht (Airteagal 15.4.2°) ach tá Achtanna a bhfuil i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an Bhunreachta neambhaillí más rud é go bhfuil siad ar neamhréir leis an mBunreacht (Airteagal 50.1).
Foráiltear leis an mBunreacht, chomh maith, faoi Airteagal 26, gur féidir athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar bhillí roimh lámh an Uachtaráin a chur leis. Is é an tUachtarán amháin a fheidhmíonn an chumhacht chun billí a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí roimh dó/di dul i gcomhar leis an gComhairle Stáit. Nuair a sheasann an Chúirt Uachtarach le bunreachtúlacht Bhille a chuirtear faoina bráid, ní cead ag aon chúirt eile bunreachtúlacht an Bhille sin a bhreithniú arís (Airteagal 34.3.3°).
De ghnáth, is féidir le breithiúna na Cúirte Uachtaraí a mbreithiúnais féin a sheachadadh bíodh go n-aontaíonn nó go n-easaontaíonn sé/sí. Agus bunreachtúlacht Acht nó Bhille a ritheadh tar éis theacht i bhfeidhm an Bhuneachta á plé ag an gCúirt, áfach, déanann an Chúirt breithiúnas amháin a sheachadadh (Airteagail 34.4.5° agus 26.2.2°). Féadann na breithiúna breithiúnas easaontach nó breithiúnas aontaitheach a sheachadadh agus bunreachtúlacht Acht a ritheadh roimh theacht i bhfeidhm an Bhunreachta á plé aici (Airteagal 50).[4]
Ag tús stair an Stáit agus tar éis Bunreacht na hÉireann a fhógairt, bhí an Chúirt Uachtarach an-mhall i leith dlí-eolaíocht a fhorbairt. Ach sa lá atá inniu ann, tá an Chúirt tar éis dlí-eolaíocht suntasach a fhorbairt. An fáth go raibh an Chúirt mall ag tús a hoibre ná gur pháirt den Ríocht Aontaithe ab ea oileán na hÉireann roimh 1922 agus, mar sin, fuair breithiúna na Cúirte Uachtaraí a gcuid oiliúna i ndlí-eolaíocht na Breataine, dlí-eolaíocht a chuireann béim mhór ar ardcheannas parlaiminte agus urraim a thabhairt don reachtas. Ó na 1960idí ar aghaidh, áfach, rinneadh roinnt breithiúnas suntasach a sheachadadh ag an gCúirt. Mar shampla: