Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Actinopteri |
Ord | Cypriniformes |
Fine | Danionidae |
Géineas | Danionella |
Speiceas | Danionella cerebrum Britz, 2021 |
Is speiceas éisc é Danionella cerebrum a tuairiscíodh sa bhliain 2021 ó shruthanna moirtiúla airde ísle ar fhánaí theas agus thoir shliabhraon Bago Yoma i Maenmar, chomh maith le canáil uisciúcháin siar ó dheas ó bhaile Hmawbi i Rannán Yangon. [1] Aithníodh go hearráideach roimhe seo é mar Danionella translucida mar gheall ar dhlúthchosúlacht agus dáileadh geografach comhchosúil an dá speiceas. [1] [2] [3] Ní thomhaiseann éisc fhásta den speiceas ach 10-13.5 mm ó thaobh méide de agus níl iontu ach toirt inchinne 0.6mm3, arb í an inchinn veirteabrach fhásta is lú atá ar eolas go dtí seo. [1] [3] Taispeánadh go bhfuil cosúlachtaí idir larbhaí Danionella cerebrum agus difríochtaí ina ngníomhaíocht gluaiste freisin i gcomparáid leis an iasc séabrach (Danio rerio) a bhfuil dlúthbhaint éabhlóideach acu leis.. [2] [4]
Mar gheall ar a mhionmhéid, a réimse saibhir iompraíochta, agus a thréshoilseacht optúil a mhaireann agus é fásta, tá an-ghealladh fui Danionella cerebrum le haghaidh anailísí íomháithe in vivo uile-inchinn neamhionrach le taifeach aonchille i veirteabrach aosach, agus tá sé ag tosú ag teacht chun cinn mar córas eiseamláireach tábhachtach i dtaighde néareolaíochta reatha. [1] [2] [3] [4][5][6]
Déanann an speiceas an fhuaim is airde dá mhéid d'aon iasc, a sháraíonn 140 deicibeil, ag baint úsáide as matán chun loingeáin a theannadh; scaoiltear é seo chun an lamhnán snámha a bhualadh. Is cosúil go n-úsáidtear an fhuaim le haghaidh cumarsáide inspeiceasaí, toisc go gcuireann an líon fireannach is glóraí faoi chois táirgeadh fuaime na bhfireannach eile . [7]
<ref>
tag; name ":0" defined multiple times with different content
<ref>
tag; name ":1" defined multiple times with different content
. <ref>
tag; name ":2" defined multiple times with different content
<ref>
tag; name ":3" defined multiple times with different content