| ||||
Cineál | daonáireamh | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 2016 | |||
2022 → | ||||
Suíomh | Éire | |||
Tír | Éire | |||
Reáchtáladh Daonáireamh na hÉireann ar 24 Aibreán 2016. Cuntas cuimsitheach faoi leith ar dhaonra an Stáit a bhí ann.
Drochscéal amach is amach don Ghaeilge a bhí i nDaonáireamh 2016 a léirigh gur tháinig laghdú suntasach ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht.[1]
Laghdú 11% a bhí i gceist ar líon na gcainteoirí laethúla i gceantair Ghaeltachta idir 2011-2016 agus laghdú 1% a bhí i gceist lasmuigh den Ghaeltacht.
Bhí laghdú i gceist i ngach ceantar Gaeltachta, ach amháin Port Láirge.
Ba i Maigh Eo (-23.6%), Ciarraí (-18%) agus Dún na nGall (-15.8%) a bhí an laghdú is mó.[1]