Cineál | téarma reachtach |
---|---|
Tréimhse | 16 Lúnasa 1921 - 16 Meitheamh 1922 |
Tír | Poblacht na hÉireann |
Ar an 16 Lúnasa 1921, tháinig an Dara Dáil le chéile (Béarlaː Second Dáil). Thug an Dáil Cogadh na Saoirse chun deiridh, nuair a ritheadh an Conradh Angla-Éireannach in Eanáir 1922 le 64 vóta go 57, in ainneoin na conspóide a bhain leis.[1]
Chuir rialtas na Breataine an tAcht um Rialtas na hÉireann i bhfeidhm ar 23 Nollaig 1920. Leis an Acht rinneadh Éire a chríochdheighilt feadh na línte céanna a bhí leagtha amach ag Lloyd George i 1916 agus rinneadh foráil do dhá rialtas Rialtais Dúchais in Éirinn.[2]
Dhiúltaigh an Dáil don Acht um Rialú na hÉireann, ach shocraigh sí socruithe an toghcháin a úsáid chun teachtaí a thoghadh don dara Dáil. Gan aon fhreasúra i 124 thoghcheantar de na 128 dtoghcheantar nua, bhuaigh Sinn Féin gach suíochán iontu.
I measc na chéad mhíreanna gnó, bhí plé le déanamh ar an sos cogaidh. Bhí toscaireacht le ceapadh le dul anonn go Londain agus caibidlíocht a dhéanamh ar son conradh ceangailteach.[3]
Conradh Angla-Éireannach
Shínigh na toscairí an Conradh Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig 1921, ach bhí sé faoi réir a dhaingnithe ag an Dáil. I sraith suíonna den Dáil a thosaigh an 14 Nollaig – sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar Ardán Phort an Iarla an t-am seo – rinne na Comhaltaí díospóireacht ar an gconradh. Dhaingnigh an Dáil an conradh le 64 vóta in aghaidh 57 vóta ar an 7 Eanáir 1922 agus d’fhógair Uachtarán Dháil Éireann, Éamon de Valera, go raibh sé i gceist aige éirí as.
Ba é Teach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath an t-ionad ar dtús.
Mar gheall ar an sos cogaidh ar 12 Iúil, bhí deis ag an dara Dáil nua-thofa suí níos minice agus go hoscailte agus bhí deis ann na himeachtaí a fhoilsiú ar bhealach níos iomláine.[4]