I Miotaseolaíocht na nGael, ba í Dealgnaid (Sean-Ghaeilge Delgnat) bean chéile Parthalán, ceannaire an dara dream de lonnaitheoirí a tháinig go hÉirinn.
Tá dán ann i Leabhar Gabhála na hÉireann, forbartha ag Seathrún Céitinn, a insíonn go raibh Parthalán agus a bhean chéile, Dealgnaid, ina gcónaí ar oileán beag i mbéal na hÉirne. Agus amach ar turas tráth, mheall Dealgnaid giolla darbh ainm Topa. As a aithle ain, d'ól siad roinnt de leann Pharthaláin, nárbh fhéidir a fháil ach trí fheadán óir. Thuig Parthalán an caidreamh nuair a d'ól sé féin cuid dá leann agus d'aithin sé blas béil Dhealgnaí agus Topa ar an bhfeadán. Mar chúiteamh, mharaigh sé Topa agus cú Dhealgnaí. Ach dúirt Dealgnaid neamhaithríoch gurbh ar Pharthalán an locht, toisc gurbh ionann iad a fhágaint ina n-aonair agus mil a fhágaint le bean, bainne le cat, uirlisí géaraithe le ceardaí, nó feoil le leanbh, agus bheith ag súil nach mbainfidís leas as. Is é sa scéal seo an chéad chur síos idir adhaltranas agus éad in Éirinn. Inis Samhaoir[1] is ainm don oileán, as Saimer, cú Dhealgnaí.