Teaghlach | |
---|---|
Páiste | Dáire mac Dedad, Íar mac Dedad, Conganchnes mac Dedad ![]() |
Rí réamhstairiúil na nÉrann ab ea Deda mac Sin, is dócha den chéad aois RC. Sinsear eapainmneach Chlanna Dedad is ea é,[1][2] agus b'fhéidir gur Rí na Mumhan é fosta.
Trína mhic, Íar mac Dedad agus Dáire mac Dedad, is sinsear é Deda de mórán pearsana cáiliúla in Éirinn seanscéalach, san áireamh a "óí" (glúin faoi nó thairis) Cú Raoi mac Dáire agus Eterscél Mór, "fionnóí" Conaire Mór agus Lughaidh Mac Cú Raoi, agus iaró Conaire Caomh. Bhí tríú mac aige darb ainm Conganchnes mac Dedad. Lena cois sin, is sinsear é Deda de roinnt dreamanna stairiúla in Éirinn agus i nAlbain araon, san áireamh an Dál Riata, an Dál Fiatach, an Múscraí, an Chorca Dhuibhne, agus an Chorca Bhaiscinn. Deirtear gur Érainn iad cách, agus na Clanna Dedad is amhlaidh an príomh-rítheaghlach acu.
Is dócha gur cumadh an ginealach roimh Deada mac Sin.[3][4] Ar deireadh, thagann sé trí Ailill Érann go hÓengus Tuirmech Temrach[5] agus dá bharr gaol i bhfad amach leis na Connachta agus muintir Uí Néill, a bhfuil ginealach acu nach féidir brath air roimh Túathal Techtmar.
Bhí cineál próta-stairiúil desna Clanna Dedad ar a glaodh na Dáirine,[6] é shliocht Dáire mac Dedad agus/nó Dáire Doimthech, aitheanta níos déanaí mar an Chorca Laidhe. Tá roinnt éiginnteachta anseo, de bharr a ngaol leis na Darini as Cúige Uladh réamhstairiúil. Pé scéal é, is léir go bhfuil fáil idir na Darini agus na hIverni.[7]
De réir na ginealaigh le fáil i Leabhar Ghleann Dá Loch agus Laud 610 pedigrees,[8][9] deartháir Deda ab ea Eochaid mac Sin, from whom descend an Dál Fiatach as Cúige Uladh. Mar mhalairt air sin, tá fáil díreach acu le Cú Roí mac Dáire,[10] agus dá bharr na Clanna Dedad féin. Is caillte i bhfad siar é ámh an gaol beacht idir na Dál Fiatach agus na hUlaid, a gcéile comhraic sa Rúraíocht.
Tá Eoin Mac Néill den tuairim gur de shliocht Deda mhic Shin é an Conaille Muirtheimne, trí mhac eile Conall Anglonnach,[11] Creideann sé gur botún éa tá gur Cruthin, mar a maítear i nginealaigh níos deireanaí.
Mac altrama Deda ab ea Dui Dallta Dedad.
Is éard atá sa Síol Chonaire ná na Clanna Dedad úd de shliocht Chonaire Mhóir,[12] agus iad sin ná Dál Riata, an Múscraí, an Chorca Dhuibhne, agus an Chorca Bhaiscinn.[13] Is amhlaidh gur lonnaigh an Dál Riada in oirthuaisceart chúige Uladh, agus chuaigh siad ar aghaidh chun Ríocht na hAlban a bhunú. Glaodh "síol Chonaire" ar rítheaghlach na hAlban, Ríshliocht Dùn Chailleann, chomh déanach is an 12ú haois.[14] Trí an ríshliocht úd agus Conaire Mór, is sinsear Teaghlach Ríoga na Breataine é Deda mac Sin. Ba é Alexander III of Scotland (bás 19ú Márta 1286) an rí deireanach sa sinsear díreach ar thaobh athar de Shíl Chonaire.
Lonnaigh Síol Chonaire eile i gcúige Mumhain, áit a bheadh siad ar dtús faoi scáth a ngaol, na Dáirine, agus níos deireanaí faoi cheannas na nEoghanacht. Is amhlaidh, ámh, gurbh áisitheoirí suntasacha iad, na Múscraí ach go háirithe, ar son na nEoghanacht, agus is amhlaidh go raibh sin in aghaidh na nDáirine.[15] Rí déanach agus gan coinne na Mumhan de shliocht an Mhúscraí ab ea Flaithbertach mac Inmainén (bás 944).[16]
Insítear scéal breith, beatha agus bás Chonaire Mhóir sa seanscéal Togail Bruidne Dá Derga. Tá dhá scéal ann, gaolta ar éigin ach níos tábhachtaí de réir ginealeolaithe, agus iad ná De Síl Chonairi Móir[17] agus De Maccaib Conaire.[18] Sa scéalta seo, measctar é lena sliocht, Conaire Caomh.
Níl sinsearacht an Dáil Fhiatach, prionsaí na Ulad, ó Dedu mac Sin chomh cinnte is atá siúd na ndaoine luaite thuas, ach faightear fianaise di i bhfoinsí meánaoiseacha neamhspleácha (ach bréagnaithe ag foinsí eile).
Chomh luath is an bhliain 1849, thug an scoláire John O'Donovan faoi ndeara gur truaillithe é ginealach an Chorca Laidhe, príomhshliocht stairiúil na nDáirine, le mórán glúinte roimh an rí seanscéalach, Lugaid mac Con.[19]
Ní fhaightear gach glúin sa chraobh a leanas.
Sen mac Rosin[g 1] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dedu mac Sin[g 2] | Eochaid mac Sin[g 3] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Íar mac Dedad | Dáire mac Dedad[g 4] | Conganchnes mac Dedad | Conall Anglonnach mac Dedad[g 5] | Deitsini | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ailill Anglonnach | Cú Raoi mac Dáire | Dáirine | Conaille Muirtheimne | Dlúthaich | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eoghan [g 6] | Lugaid mac Con Roí | Fuirme mac Con Roí[g 7] | Corca Laidhe[g 8][g 9] | Dáire | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eterscél Mór | (F)Iatach Find | Fir furmi[g 10] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Conaire Mór[g 11] | Dál Fiatach | Fíatach Finn[g 10] Fiachach Fir Umai[g 12] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mug Láma | Dál Fiatach | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Conaire Cóem[g 13] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eochaid Riata[g 14] | Cairpre Músc | Cairpre Baschaín | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dál Riata | Múscraige | Corc Duibne | Corcu Baiscinn | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Erc of Dalriada[g 15] | Corcu Duibne | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Fergus Mór | Loarn mac Eirc | Óengus Mór mac Eirc | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Domangart Réti | Cenél Loairn | Cenél nÓengusa | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gabrán mac Domangairt | Comgall mac Domangairt | House of Moray | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cenél nGabráin | Cenél Comgaill | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
House of Alpin | House of Dunkeld | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Sa Leabhar Oghaim faightear Ogham Dedad ainmnithe as. Faightear lena chois sin thart ar an tríú cuid d'inscríbhinní Oghaim sna tailte dá shliocht, an Chorca Dhuibhne.[20]