Comhoibríonn siad go minic le Richard Morel, ealaíontóir comhaimseartha leo arbh as DC dó chomh maith. Chum siad cnag leis darbh ainm dó "True (The Faggot Is You)". Níos luaithe chomhoibrigh siad le Everything But the Girl, as a tháinig an t-amhrán "The Future of the Future (Stay Gold)", a bhí ar albam Deep Dish, Junk Science, a eisíodh i 1998.
Bhain Deep Dish suntasacht amach i 1998 tar éis dóibh Junk Science, a gcéad albam a eisíodh. Bhuail siad le chéile i DC ar dtús.
Tá athmheascáin déanta acu ar amhráin ealaíontóirí ar nós Dido ("Thank You" agus "Stoned") agus an comhoibríocht idir Timo Mass agus Kelis ("Help Me"). Bhuaigh siad Gradam Grammy don athmheascán ar "Thank You". Chomhoibrigh siad le Danny Howells chun athmheascadh a dhéanamh ar amhrán Eminem "Without Me"(a bhí mar bhootleg). D'eisigh siad a dara halbam, "George is on", i 2005 ", ar a raibh a gcnag cairte "Flashdance", chomh maith le leagan nua ar "Dreams", amhrán classaiceach Fleetwood Mac. Shroich "Say Hello", a dara singil ón albam uimhir a haon sa chairt damhsa i Mí Meán Fómhair 2005. B'é an dara singil acu chun barr na cairte céanna a shroichint (b'é an chéad ceann ná an chomoibriú a rinne siad le Everything but the Girl i 1998).
Sheinn Deep Dish ar "Essential Mix" BBC Radio 1 roinnt uaireanta. Craoladh an seit a sheinn siad ag Global Gathering 2006 ar an seó. Cuireadh an "Essential Mix" a rinne siad I mí an Mheithimh 2005 ar an ngearrliosta do cheann is fearr na bliana sin. Tá clú agus cáil ar Deep Dish dá ndíolamaí "Progressive House" sa srath mór le rá Global Underground. An ceann is déanaí a eisíodh ná seit a sheinn Dubfire i dTaipé i 2007
Chomh maith le sin, is leo na lipéid ceolta Deep Dish, Yoshitoshi agus Yo. Freisin bhí siad i bhfeighil ar siopa miondíola i D.C, a dhíol ceirníní agus éadaí bainteach le ceol damhsa. Dúnadh an siopa i 2003, ach leanann na lipéidí ar aghaidh ag eisiúint ceolta, ar formáid singil vinile "12.