Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | c. 1060 |
Bás | 1118 57/58 bliana d'aois Corcaigh |
Rí na Mumhan | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Tréimhse ama | Glúin an 12ú aois agus glúin an 11ú aois |
Teaghlach | |
Páiste | Toirdhealbhach mac Diarmada Ua Briain, Conchúr Ó Briain, Tadg Gláe mac Diarmata Ua Briain |
Athair | Toirdhealbhach Ua Briain agus Dubchoblaig of the Ui Cheinnselaig |
Rí Mumhan (éilitheoir) ba ea Diarmaid Ó Briain (Diarmait Ua Briain) (1060 – 1118). Tháinig sé i gcoróin sa bhliain 1114. Toirdhealbhach mac Diarmada Ua Briain ab ea a athair.
Chuir a dheartháir Muircheartach an ruaig air as an Mumhain, go gairid tar éis bhás a n-athar sa bhliain 1086. Bhí sé ar deoraíocht le roinnt blianta. Creidtear go raibh sé i gceannas cabhlaigh a thug tacaíocht do Rhys ap Tewdwr ag Cath Mynydd Carn.[1][2]
Sa bhliain 1093, rinne sé síocháin le Muircheartach tar éis dó a éileamh a aithint, agus rinneadh dux Phort Láirge de. Sa deireadh, tháinig sé i gcoróin mar rí gníomhach nuair a buaileadh drochbhreoite ar a dheartháir sa bhliain 1114. Ar an dtoirt, dhíbir sé Muircheartach agus thosaigh ansin achrann ceithre bliana le haghaidh cheannas ar an Mumhain. Sa bhliain 1116, rinne sé ruathar ar Muircheartach agus Brian Ua Briain "dar comluga[3] mind h-Érend." ((sárú) ar comhaontú mionn[4] Éireann), agus chuir sé Luimneach faoi léigear. Mar thoradh, rinne Muircheartach síocháin le Diarmaid,[5] ach ghabh Muircheartach é i ndeireadh na dála.
Fuair sé bás i gCorcaigh sa bhliain 1118. An bhliain chéanna, rinne Toirdhealbhach Ua Conchobair ionsaí ar an Mumhain agus críochdheighil sé an ríocht idir faoi seach: mic Dhiarmada agus Tadg Mac Carthaig, Conchobar Ua Briain, Tuadhmhumhain; agus Toirdelbach Mac Carthaig, Deasmhumhain.[6]
Bhí Diarmaid pósta le Mór Ua Conchúir ní Ruaidrí, rí Chonnacht (bás 1118), agus bhí beirt mhac acu:[7][8]
Bhí beirt mhac eile aige le mná chéile nó máistreás anaithnid:
Réamhtheachtaí Muircheartach Ua Briain |
Rí na Mumhan 1114–1118 |
Comharba Conchobar Ua Briain agus Toirdelbach Mac Carthaig |