Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 haois |
Bás | 642 |
Liosta Ríthe Dhál Riada | |
629 – 642 ← Eochaidh Buí, Connadh Cearr – Fearchar mac Connaidh → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Domhanghart mac Domhnaill, Drest VI, Gartnait IV |
Athair | Eochaidh Buí |
Siblín | Conall Crannomhna |
Rí Dhál Riada san Albain agus oirthuaisceart Éireann ba ea Domhnall Breac (Meán-Ghaeilge Domnall Brecc, Breatnais Dyfnwal Frych) (bás 642 i Srath Carrann), ón mbliain c. 637 go dtí 642. Eochaid Buide ba ea a athair.
Feictear é don chéad uair sa bhliain 622, nuair a insítear i nAnnála Tiarnaigh go raibh sé ar an bhfód ag Cath Cend Delgthen (i lár na tíre) ina comhghuaillí Chonaill Ghuthbhinn de Chlann Cholmáin. Is é seo an t-aon chath amháin inac raibh Domhnall ina bhuaiteoir.
Cloíodh Domhnall faoi cheathair i ndiaidh dó an comhaontas le Cineál Chonaill d'Uí Néill an Tuaiscirt a bhriseadh. I nÉirinn, cloíodh Domhnall agus a chomhghuaillí Conall Caoch de Dhál Airí ag Domhnall mac Aodha, Ardrí na hÉireann de Chineál Chonaill, i gCath Maige Rátha (Maigh Rath, Contae an Dúin) sa bhliain 637. Cloíodh arís é in éadan na gCruithneach sna blianta 635 agus 638, agus faoi dheireadh in éadan Eugein I Alt Clut ag Srath Carrann sa bhliain 642, suite a maraíodh é.
Déantar trácht ar an eachtra seo i rann curtha isteach sa dán arsá Breatnaise, Y Gododdin:
Rinneadh níos deireanaí rí Dhál Riada sa mhac, Domhanghart, as ar tháinig ríthe Chineál Ghabhráin were descended. Fuair dara mac, Cathasach, bás c. 650, agus garmhac Cathasach c. 688.
Réamhtheachtaí Eochaid Buide |
rí Dhál Riada 629–642 |
Comharba Ferchar mac Connaid |