Beathaisnéis | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 1921 Luimneach, Éire ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Bás | 10 Márta 1968 46/47 bliana d'aois Luimneach, Éire ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
An tAire Oideachais agus Scileanna | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
13 Iúil 1966 – 10 Márta 1968 ← Seoirse Ó Colla – Seán Ó Loingsigh → | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
21 Aibreán 1965 – 13 Iúil 1966 ← Seán Mac an tSaoi – Seán Flanagan → | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
21 Aibreán 1965 – 10 Márta 1968 (bás in oifig) Téarma parlaiminte: 18ú Dáil Toghcheantar: Luimneach Thoir Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1965 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
11 Deireadh Fómhair 1961 – 11 Márta 1965 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 17ú Dáil Toghcheantar: Luimneach Thoir Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1961 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Aire Stáit sa Roinn Airgeadais | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
11 Deireadh Fómhair 1961 – 21 Aibreán 1965 ← Joseph Brennan – Jim Gibbons → | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
20 Márta 1957 – 1 Meán Fómhair 1961 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 16ú Dáil Toghcheantar: Luimneach Thoir Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1957 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
2 Meitheamh 1954 – 13 Nollaig 1956 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 15ú Dáil Toghcheantar: Luimneach Thoir Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1954 ![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Gaillimhe Coláiste Choill Chluana Gabhann Coláiste Crescent ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gairm | polaiteoir, imreoir rugbaí ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ball de pháirtí polaitíochta | Fianna Fáil ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Spórt | rugbaí ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Teaghlach | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Páiste | Daragh O'Malley ![]() |
Polaiteoir Éireannach, Aire Rialtais agus Teachta Dála ab ea Donnchadha Ó Máille nó Donogh O'Malley (1 Eanáir 1921-10 Márta 1968). Ba bhall de pháirtí Fhianna Fáil é.
Saolaíodh é i gCathair Luimnigh sa bhliain 1921, díreach nuair a fógraíodh sos-chomhraic le linn Chogadh Saoirse na hÉireann. Ba dhlíodóirí iad a mhuintir ach ní raibh spéis ar leith ag éinne díobh i bpolaitíocht náisiúnach na linne.
Chuaigh Ó Máille ar mheánscoil Íosánach Choláiste an Chorráin sa chathair agus d’fhreastail sé ar Choláiste Ollscoile na Gaillimhe ina dhiaidh sin. Bronnadh an chéim innealtóireachta BE air sa bhliain 1943.
D’fhill Ó Máille ar Luimneach, ag obair mar innealtóir ann agus toghadh mar chomhairleoir cathrach é. D’fhreastail sé bliain amháin mar mhéara na cathrach, an tríú deartháir as an gclann céanna a tháinig san oifig sin, sular toghadh mar Theachta Dála é i ndáilcheantar Luimneach Thoir sa bhliain 1954 i gcomharba Domhnaill de Búrca a bhí tar éis éirí as Dáil Éireann.
Ba chúl-bhinseoir an fhreasúra ar dtús é, cul-bhinseoir rialtais i ndiaidh a ath-thoghacháin i 1957 agus fuair sé a chéad phost Stáit nuair a cheapadh mar Rúnaí Parlaiminte an Aire Airgeadais Shéamuis Uí Riain é sa bhliain 1961.
Ghnóthaigh Ó Máille vóta ábhal-mór in olltoghchán 1965 agus, ós rud é go raibh glún nua ag teacht i réim i bhFianna Fáil ag an am ná raibh baint díreach acu le Cogadh na Saoirse, cheap an Taoiseach Seán Lemass mar Aire Sláinte é sa rialtas nua. Bhunaigh sé an Irish National Council on Alcoholism (INCA)[1].
Nuair a lean Seán Ó Loinsigh Lemass mar Thaoiseach sa bhliain dár gcionn, aistríodh Ó Máille go dtí an Roinn Oideachais.
Laistigh de dhá bhliain,
Ba réabhlóid bun go barr é i gcóras oideachais na hÉireann. Tháinig na hathruithe i bhfeidhm d’ainneoin naimhdeas na Roinne Airgeadais agus dílsithe an sean-chórais. Mar sin bhí gnaoi na ndaoine ar Ó Máille.
B’fhear bríomhar i gcónaí é agus thaitin go mór leis bheith ag rith is ag rás[2]. Is cuid de bhéaloideas polaitíochta na hÉireann éachta Uí Mháille, Cathail Uí hEochaidh agus Bhriain Uí Luineacháin le linn blianta na 1960idí. Ach bhuail taom croí é[3] i nDroichead Abhann Ó gCearnaigh[4] ar an 10 Márta 1968 agus é gan ach 47 mbliana d’aois. Bhí corrthoghchán ar siúl ag an am. Thug Ó Máille óráid agus thit sé de phleist ina dhiaidh.
Bhain an eachtra an anáil de mhuintir ag an am. Mar sin, bronnadh sochraid stáit air i ndiaidh a bháis.
Lean a nia, Deasún (Des nó Dessie) Ó Máille, é mar TD Luimneach Thoir nuair a bhuaigh sé an fothoghchán.
Is garneacht í Fiona Ní Mháille, iar-TD an Pháirtí Daonlathaigh Dhún Laoghaire, le Donnchadha Ó Máille..
Is aisteoir stáitse agus scannán é a mhac Darach Ó Máille.