![]() ![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Cineál | comhlacht iarnróid ![]() |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1831 |
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 1925 1856 ![]() |
Rud nó duine a tháinig ina áit | Dublin and South Eastern Railway (en) ![]() Dublin, Wicklow and Wexford Railway (en) ![]() ![]() ![]() |
Ba é an Iarnród Bhaile Átha Cliath & Bhaile an Rí (D&KR, Béarla: Dublin and Kingstown Railway) an chéad iarnród in Éirinn,[1] a osclaíodh go poiblí ar 17 Nollaig 1834.[2] Bhí an t-iarnród timpeall sé mhíle ar fad ó Rae an Iarthair i mBaile Átha Cliath go dtí Dún Laoghaire.[3]
Thóg an t-innealtóir John Rennie (a rugadh in 1761) Cuan Dhún Laoghaire[4] idir 1817-1827.[5][6]
Sa bhliain 1830 thosaigh an t-iarnród Learpholl go dtí Manchain ag feidhmiú i Sasana. Bhí baint ag ceannaithe Bhaile Átha Cliath le gnó an dá chathair sin. D’fhostaigh James Pim (Junior), stocbhróicéir, an t-innealtóir sibhialta Alexander Nimmo ar a chostas féin, chun bealach a phleanáil chun an chathair a nascadh leis an gcalafort nua. Mar thoradh air sin cruthaíodh an chuideachta "Dublin and Kingstown Railway" in 1831.[5]
Osclaíodh an t-iarnród go poiblí ar 17 Nollaig 1834.[7][2] Bhí an foirceann thuaidh ag stáisiún ar a dtugtar Stáisiún na bPiarsach, Baile Átha Cliath.[8][9] Bhí an foirceann theas gar don ché thiar.[10]
De réir mar a mhéadaigh D&WR ó dheas, athainmníodh é an "Dublin, Wicklow and Wexford Railway" agus níos déanaí an "Dublin and South Eastern Railway", "Great Southern Railways" (GSR) i 1925 agus Córas Iompair Éireann i 1945..