Cineál | nimhiú bia agus mycotoxicosis (en) |
---|---|
Speisialtacht leighis | leigheas éigeandála |
Aicmiú | |
ICD-10 | T62.2 |
ICD-9 | 988.2 |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 30715 |
MeSH | D004881 |
UMLS CUI | C0014714 |
Riocht is ea Eargótachas a tharlaíonn do dhuine tar éis dó arán seagail a ithe, a bhí ionfhabhtaithe le heargót. Crapann na ceimiceáin na fuileadáin, rud a chuireann tús le mothúchán dóite go domhain sna géaga, morgadh is trithí.
Spreagann eargótachas breith anabaí i mná toirchithe.
Tá an riocht seo annamh anois, ach tharla eipidéimí suas go dtí an 19ú céad a scanraigh an pobal.
Thugtaí gealán San Antaine ar an riocht, agus chreid daoine go bhfaigheadh siad faoiseamh uaidh ach cuairt a thabhairt ar thuama Antaine.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |