Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Meán Fómhair 1944 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 27 Aibreán 2020 75 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Litríocht na hÉireann, litríocht an Bhéarla, gníomhaíocht liteartha, filíocht, léirmheastóireacht liteartha agus léann na mban |
Suíomh oibre | Stanford |
Gairm | file, scoláire liteartha, scríbhneoir aistí, múinteoir ollscoile, scríbhneoir, acadóir, léirmheastóir liteartha |
Fostóir | Ollscoil Stanford |
Gluaiseacht | Feimineachas |
Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Teaghlach | |
Athair | Frederick Boland |
Suíomh gréasáin | profiles.stanford.edu… |
B'fhile, údar agus ollamh Éireannach í Eavan Frances Boland[1] (24 Meán Fómhair 1944 – 27 Aibreán 2020). Bhí sí ina hollamh in Ollscoil Stanford, áit a raibh sí ag múineadh ó 1996.[2] Tá a cuid oibre bunaithe ar fhéiniúlacht náisiúnta na hÉireann, agus ról na mban i stair na hÉireann. Tá rogha dánta ó shaothar filíochta Boland ar shiollabas an Ardteistiméireacht. Tá an Lannan Literary Award for Poetry buaite aici.
Rugadh Boland i mBaile Átha Cliath ar an 24ú Meán Fómhair 1994. Bhí a hathair Frederick Boland ina ambasadóir Éireannach agus bhí a máthair Frances Kelly ina ealaíontóir iar-eispriseanaíoch a raibh ardmheas ag daoine uirthi.
Níos moille chuir Eavan Boland síos ar a máthair mar "duine a d'fhág lorg láidir uirthi ina saol. Thug mo mháthair tacaíocht mór dom. Mar ealaíontóir d'fhéach sí ar an saol i mbealach cruthaitheach agus lonrach". Nuair a bhí sí cúig bliana d'aois, bhog Eavan agus a clann go Londain agus d'fhan siad ansin ar feadh sé bliana. Ina dhiaidh sin, bhog siad go Nua-Eabhrac. Ó bogadh ó áit go háit, chuala Eavan go leor canúint difriúla. 'Sílim gur sin an fáth gur suim agam san fhilíocht mar pháiste. Mhothaigh sé go raibh a dteanga féin aige, neamhspleách i gcónaí ó áit agus athrú.' [3]
D'fhill Boland go Baile Átha Cliath chun freastal ar an meánscoil. I rith a céad bliain ar ais in Éireann scríobh sí dán darbh ainm Liffeytown. Léirigh an dán mothúcháin Boland faoi filleadh ar Éireann. Bliain ina dhiaidh sin d'fhoilsigh sí 23 Poems, rud a chosnaigh 30 punt chun foilsiú.
"D'infheistigh mo mháthair go trom iontu agus choinnigh sí cóipeanna dóibh. Ní shílim go ndearna duine ar bith eile sin. Ní raibh sé mar rud comónta a rinne déagóirí, ach fuair mé muinín as."
D'fhreastail Boland ar Choláiste na Tríonóide ach ar chéimnigh sí i 1966 le BA i litríocht Béarla.[4]
Bhí Boland ina léachtóir i gColáiste na Tríonóide ar feadh tamaill, ach bhí frustrachas uirthi de bharr an bhealach patrarcach ina raibh an filíocht á mhúineadh ann, chomh maith leis an easpa ama a bhí aici chun díriú ar a filíocht féin. Mar gheall ar seo, d'fhág sí agus chaith sí an bhliain 1967 ar fad ar staidéar agus scríbhneoireacht an fhilíocht.
De réir mar a rinne Boland níos mó staidéar ar an fhilíocht agus bualadh le níos mó filí, bhí níos mó tuiscint aici go raibh neamhaird á dhéanamh ag daoine ar ghuth filí baineannach. Spreag Sylvia Plath, Elizabeth Bishop agus Adrienne Rich Boland chun creid inti féin agus gan a cumas mar fhile a theorannú de bharr gur bean í.
Sa bhliain 1967, d'fhoilsigh sí a céad leabhar filíochta New Territory. D'fhoilsigh Alan Figgis é i mBaile Átha Cliath.[5]
Phós Boland an t-úrscéalaí Kevin Casey sa bhliain 1969 agus bhog sí chuig bruachbhaile Dundrum, agus bhí dhá iníon aici. Thosaigh sí ag scríobh filíocht maidir leis an saol teaghlaigh, rud a rinne idirdhealú uirthi ó filí fírinneach.
Dhírigh a céad trí chnuasach eile The War Horse (1975), In Her Own Image (1980) agus Night Feed (1982) ar pheirspeictíocht difriúl i bhfilíocht. Déanann an dán The Famine Road comparáid idir duine a d'fhulaing ón ghorta go bean neamhthorthúil. Sa dán Child of Our Time díríonn sé ar an neamhaird a dhéantar ar mí-úsáid leanaí.
Bhí deacrachtaí ag Boland sa saol mar fhile baineannach. Rinne daoine cáineadh ar obair s'aici, agus dúirt daoine go raibh 'filí baineannach a scríobh faoi saol laethúil an bhean claonta agus nár cheart do dhaoine ias a ghlacadh go dáiríre.' Lean Boland ar aghaidh, ag déanamh neamhaird ar na ráiteas seo. In Outside History (1990) dhírigh sí ar an easpa airde ar mhná thar na céadta. Scríobh sí freisin faoi mí-úsáid fisiciúil agus mothúchánach, anoireicse agus an caidreamh idir máithreacha agus a n-iníon.