Ainm sa teanga dhúchais | (ota) ابو السعود افندى مُحمَّد عمادى |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 30 Nollaig 1490 (Féilire Ghréagóra) İskilip (an Impireacht Otamánach) |
Bás | 23 Lúnasa 1574 (Féilire Ghréagóra) 83 bliana d'aois Iostanbúl (an Impireacht Otamánach) |
Áit adhlactha | Eyüpsultan Cemetery (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Ioslam |
Teanga dhúchais | an Tuircis Otamánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | breitheamh, muftaí, múinteoir, dlí-eolaí Ioslamach, scríbhneoir |
Teangacha | An Tuircis Otamánach, an Araibis agus an Pheirsis |
Ba dhlí-eolaí agus Ard-Mhuftaí de chuid na hImpireachta Otamánaí é Ebussuud Efendi, nó mar is fearr aithne, Hoca Çelebi (Muhammad Ebussuûd Efendi, 30 Nollaig 1490 – 23 Lúnasa 1574).
Bhí Efendi ina Ard-Mhuftaí ón mbliain 1545 go dtí gur éag sé sa bhliain 1574. Bhí páirt ríthábhachtach ag Efendi sna leasuithe fairsinge a rinne Suleiman Ollásach ar chóras dlí na nOtamánach, ach go háirithe chun iarracht a dhéanamh ar sharia agus qānūn, na dlíthe a leagadh síos an Sabhdán, a chur le chéile mar chóras dlí comhtháite.[1]
Mar dhlí-eolaí den scoil (madhhab) Hanafi, tá clú agus cáil air go fóill mar gheall ar roinnt fatāwā a d'eisigh sé fad a bhí sé ina Ard-Mhuftaí, go háirithe an ceann míchlúiteach a cheadaigh marú na nIasaídeach ar bhonn creidimh.
Scríobh Eugenia Kermeli nóta beathaisnéise mionsonraithe maidir le Hoca Çelebi, ag díriú ar a chuid tuairimí i dtaobh an chaidrimh idir Críostaithe agus Moslamaigh.[2]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |