Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Eanáir 1869 Droichead na Dothra, Éire |
Bás | 25 Meitheamh 1938 69 bliana d'aois Bournemouth, England |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Coláiste Newnham, Cambridge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | fisiceoir |
Ball de | |
Gairm mhíleata | |
Coinbhleacht | An Chéad Chogadh Domhanda |
Teaghlach | |
Athair | George Johnstone Stoney agus Margaret Stoney |
Siblín | Florence Stoney |
Fisiceoir Éireannach ba ea Edith Anne Stoney (6 Eanáir 1869 i mBaile Átha Cliath – 25 Meitheamh 1938).
Rugadh Stoney i mBaile Átha Cliath ar 6 Eanáir 1869. Fisiceoir iomráiteach ba ea a hathair. Bronnadh OBE[1] ar a dheirfiúr, Florence, an chéad raideolaí sa Ríocht Aontaithe. Margaret Stoney ab ea a máthair agus George Johnstone Stoney ab ea a hathair. Bhí cúigear páistí acu, agus mhúin siad na páistí sa bhaile.
Bhuaigh Stoney scoláireacht chuig Newham College Cambridge in 1893. Ag an am sin, níor tugadh céimeanna do mhná go hoifigiúil. Blianta ina dhiaidh sin, bronnadh BA agus MA uirthi ó Trinity College.
D’oibrigh an Dr. Johnstone Stoney (1826-1911), athair Stoney, mar chúntóir réalteolaí d’athair Charles Parsons, William. Níos déanaí ina shaol, mhúin sé Charles Parsons i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Fisiceoir iomráiteach ba ea a hathair. Tá cáil air mar an duine a chum an téarma ‘leictreon’.