Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Aibreán 1868 Ráth Mealtain, Éire |
Bás | 10 Feabhra 1941 72 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Cholm Cille, Baile Átha Cliath Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Teangacha Ceilteacha |
Gairm | údar, teangeolaí |
Fostóir | Ollscoil Átha Cliath, múinteoir ollscoile (1907–) |
Ball de | |
Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Teaghlach | |
Céile | Olive Mary Ponsonby (1905–) |
Páiste | John David Gwynn, Edward Harold Gwynn, Lucy Margaret Gwynn, Arthur Montagu Gwynn, Olive Ruth Gwynn |
Athair | John Gwynn agus Lucy Josephine O'Brien |
Scoláire na Sean-Ghaeilge agus Litríochta Ceiltí ba ea Edward John Gwynn (Ráth Mealtain, Dún na nGall 1d Aibreán 1868 – 10ú Feabhra 1941 Baile Átha Cliath). Bhí sé fosta ina phropast Choláiste na Tríonóide ón mbliain 1927 go dtí 1937 agus ina Uachtarán Acadamh Ríoga na hÉireann ó 1934 go 1937.
Rugadh Edward John (E.J.) Gwynn, at Aughnagaddy in Ráth Mealtain, Contae Dhún na nGall. John Gwynn D.D. agus Lucy Josephine O'Brien ba ea a thuistí.
D'fhreastail sé ar St Columba's College, Ráth Fearnáin, agus tar éis sin Coláiste na Tríonóide.[1][2] Sa bhliain 1888, bhain sé scoláireacht amach le léann clasaiceach.[3] Bhain sé céim le gradam amach, ag bua boinn óir i léann clasaiceach chomh maith le heitic agus loighic. Sa bhliain 1893, toghadh é ina Chomhalta an Choláiste.[4]
Thosaigh Gwynn ansin ag déanamh taighde ar an Sean-Ghaeilge, faoi choimirce Acadamh Ríoga na hÉireann. Toghadh ina bhall den Acadamh sa bhliain 1896, agus dhá bhliain níos deireanaí ceapadh é ina Ollamh le Teangacha Ceilteacha. Bhí sé ina Uachtaráin an Acadamh idir na blianta 1934 agus 1937.[4] D'fhoilsigh Gwynn an-chuid alt agus aistriúchán, ina measc a eagrán den Dinnseanchas, téacsanna faoi shaol na manach i dTamhlacht agus catalóg de lámhscríbhinní an Acadaimh.[1][4]
Sa bhliain 1903, bhí Gwynn páirteach i mbunú Scoil an Léinn Ghaelaigh i mBaile Átha Cliath, agus é ina léachtóir agus gobharnóir. Idir na blianta 1905 agus 1915, chuaigh sé i mbun seirbhíse leis an Commission for National Education. Sa bhliain 1907, ceapadh é mar an gcéad Léachtóir le Teangacha Ceilteacha i gColáiste na Tríonóide.[4]
Timpeall an ama seo, moladh plean conspóideach chun coláiste nua a bhunú le haghaidh daltaí Caitliceacha amháin, ceangailte go cónaidhmeach le Coláiste na Tríonóide. Mheas that the plan would prove unworkable, Gwynn nárbh fhéidir a lán úd a chur i bhfeidhm, agus labhair sé amach ina choinne. Caitheadh an plean i dtraipisí ina dhiaidh sin.
Le linn a shaoil, bronnadh ar Gwynn roinnt mhaith aitheantais as ucht a chuid oibre ar son scoláireachta Éireannaí. Fuair sé céim D.Litt.Celt. ó Ollscoil na hÉireann sa bhliain 1926, agus céimeanna dochtúra onóracha eile ó ollscoileanna Oxford, Glasgow, Wales agus Durham.[4]
Sa bhliain 1927, ceapadh Gwynn ina Phrapast Choláiste na Tríonóide. D'oibrigh sé go dtí gur éirigh sé tinn leis an eitinn, a bhuail air don chéad roimh 1913 agus b'éigean dó éirí as a phost sa bhliain 1937.[2] Rinneadh Comhalta Onórach de ag an am sin.[5]
Tar éis a bháis, thóg comhghleacaí leis chun cuimhne ní amháin a éirim aigne, ach freisin:[6]
Phós Edward Gwynn le hOlive Mary Ponsonby (1881–1970), iníon le Colonel Justinian Gordon Ponsonby, sa bhliain 1906.[7] Bhí chúigear clann acu: