Tuath meánaoiseach na gCruithne i ríocht na nUlad ba ea Eilne, (Sean-Ghaeilge Mag nEilni). Bhí an mhaigh suite i n-oirthuaisceart Chontae Doire agus iarthuaisceart Chontae Aontroma, ina luí idir an Bhanna agus an Bhuais.[1] Is dócha gurbh ainm de luath lonnaitheoirí é Eilne, ach faoi ré na Sean-Ghaeilge cheana, níor chuimhin cé a bhíodh.[2]
Tar éis concas an cheantair ag an Dál Araí ar dtús agus muintir Uí Thoirtre níos deireanaí, glaodh dá bharr ach 'An Tuaisceart' ar Eilne. Mhair an t-ainm seo go dtí déanach na meánaoise mar Twescard.[3]
Sa bhliain 563, tharla cath Móin Daire Lothair, ag Muine Mór, idir comhdháil ríthe na gCruithne agus Uí Néill an Tuaiscirt.[4] Buaileadh buille mór ar na Cruithne agus siad críocha Ard Eólairg (Aird Mhic Giollagáin) agus an Laoi, a bhí taobh thiar den Bhanna. Lonnaigh Uí Néill an Tuaiscirt a gcomhghuaillí Oiriall ar Mhagh Eilne.[4] I ndiaidh sin, lonnaigh na Cruithne i gcríocha Dhál Araí.[4]
I lár na 7ú haoise, cloíodh Eilne ag Dál Araí Magh Line óna thaobh iarthuaiscirt. Is léir gur lonnaigh daoine acu ann, faoin ainm Dál Araí an Tuaiscirt (Dál nAraidi in Tuaiscirt).[3][5] Sa bhliain 681, maraíodh idir Dhúngal Eilni, de shliocht Dhál Araí an Tuaiscirt agus rí na gCruithne, agus rí Chiannachta Ghleann Gheimhin, ag Maol Dúin mac Maoil Fhithrigh de Chineál Eoghain, i nDún Ceithirn (Giant's Sconce i nDún Bó, taobh thiar den Bhanna).[4][6][7]
Maraíodh Cathasach mac Ailealla, rí Eilne agus Dhál Araí (deirtear go raibh sé ina rí na nUlad ar feadh sé bliana déag) ag Ráth Beitheach Contae Aontroma sa bhliain 749.[8]
Ag deireadh na 8ú haoise, thosaigh muintir Uí Thoirtre ag bogadh soir i nEilne isteach de bharr brú ón gCineáll Eoghain.[1]. Faoin 10ú haois, bhí Eilne faoina gceannas, agus bhog siad soir fosta a dtuath na bhFear Lí.[1][1]
Eochaidh mac Breasail, bás 832, ba ea an rí aitheanta deireanach de Dhál Araí an Tuaiscirt a bhí ina ruirí Dhál Araí.[3]
Seo a leanas liosta ríthe Eilne a bhfuil aithne orthu:
Faightear Mainistir Cúil Raithin i nEilne ar bhruach na Banna. Deirtear gur bhunaigh Cairbre í, agus ina dhiaidh sin bhí sé ina easpag ann.[9] De réir Vita tripartita Sancti Patricii, scríofa sa 9ú haois, bhronn Dál Araí an eaglais seo ar Naomh Pádraig.[9]
Deirtear gurbh ionann críocha Dhál Araidhe an Tuaiscirt agus na barúntachtaí níos deireanaí, Dún Libhse Íochtarach agus Líbeartaí Thoir Thuaidh Chúil Raithin,[10] agus is amhlaidh gurbh ionann é agus an tríocha céad darbh ainm An Tuaisceart, a rinneadh níos déanaí ina dhéanacht mheánaoiseach agus tríocha céad Angla-Normannach, Twescard.[3] Bhí fo-roinn an tuatha ann darb ainm Cúil an Tuaiscirt, suite gar do Chúil Raithin.