Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1567 (Féilire Ghréagóra) |
Bás | 1617 49/50 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file |
Teangacha | An Ghaeilge |
File dearscnaithe ba ea Eochaidh Ó hEodhasa (d’éag 9 Meitheamh 1612) lena linn agus maítear gur sháraigh sé na scríbhneoirí ab fhearr i measc fhilí a chomhaimsire, Tadhg Dall Ó hUiginn agus Fearghal Óg Mac an Bhaird.[1] Tá sé ráite freisin go mbeadh tús curtha ag Ó hEodhasa le ré nua san fhilíocht fiú mura mbeadh teipthe ar Ghaeil i ndiaidh Chionn tSáile.[2]
Is dócha gurbh i mBaile Uí Eodhasa, Contae Fhear Manach, a rugadh é. Deartháir leis ba ea Giolla Brighde Ó hEodhasa, nó gaol gairid. Bhí a athair, Maoileachlainn Óg, ina fhile agus eisean is mó a chuir oiliúint air. D’fhreastail sé ar scoil i Leath Chuinn agus chaith tamall i mbun staidéir i dTuamhumhain. Faoin am sin bhí sé ina ollamh. Bhí eolas aige ar Laidin agus ar litríocht ársa na Gaeilge, agus thuig sé an gradam a bhí dlite don ollamh.[3]
Mar ollamh ag Mag Uidhir Fhear Manach a chaith sé cuid mhór dá shaol. Is iad na pátrúin a bhí aige Cúchonnacht (a d’éag in 1589), Aodh, a mhac siúd (a d’éag in 1600), agus leasdeartháir Aodha, Cúchonnacht, a d’imigh chun na Róimhe leis na hiarlaí in 1607 agus a fuair bás in Genova ar an 12 Lúnasa 1608.[3]
Luaitear é in 1585–6 i measc na ndaoine ar tugadh pardún dóibh i bhFear Manach. Tháinig sé féin agus Aodh Mag Uidhir le chéile den chéad uair timpeall 1586, agus shocraigh siad go gcuirfeadh Eochaidh ceathrú ag moladh Aodha i ngach dán a chumfadh sé. Bhronn Aodh feirm air sa Chorrán in aice le Béal Átha na Mallacht (cé nach raibh Eochaidh róshásta léi).[3]
Siúd ó dheas le Cúchonnacht Mag Uidhir é agus na Spáinnigh tagtha i dtír, ach bhí air teacht ar ais agus é gortaithe. Thóg sé dhá mhí air teacht aniar as. Bhí áthas air nuair a tháinig Séamas I i gcoróin in 1603, mar a bhí ar an aos léinn i gcoitinne agus na Stíobhartaigh ina ríthe ar Éirinn. Ach mheath a dhóchas air.[3]
D’aithin sé mar fhile go raibh malairt saoil ann. In 1603 scríobh sé an dán “Ionmholta malairt bhisigh” agus é ag moladh meadarachtaí aiceanta seachas dán díreach (i ndáiríre nó a mhalairt).[3]
Ba é an dán is deireanaí uaidh an ceann a scríobh sé do Mhaolmhuire Ó Raghallaigh in 1610. Bronnadh 210 acra air in bPlandáil Uladh in 1610–11. Fuair sé bás ar an 9 Meitheamh 1612. Tá an méid seo ráite in Gearr-Annála Fhear Manach (1566–1625):[4]
Ní deirtear gur phós sé, cé gur chuir sé suim i Róis Ní Thuathail, baintreach Fhiachaidh mac Aodha Uí Bhroin, tráth agus gur scríobh sé dhá dhán di.[3]