Géag Eoghanachta na Mumhan, i gceannas le linn na 5ú–12ú haoiseanna, ba ea an Eoghanacht Áine (Cliach). De shliocht Ailealla mhic Nadh Fraoigh, deartháir Aonghasa mhic Nadh Fraoigh, an chéad rí Críostaí na Mumhan, ba ea iad.
Ainmnithe as an gcnoc le taobh an tsráidbhaile, Cnoc Áine, in oirthear Contae Luimnigh, atá siad. Faightear an tuath seo, darb ainm Cliú, i lár bharúntacht na Déise Bige. Príomhionad eaglasta na Mumhan ab ea an sráidbhaile in aice láimhe, Imleach Iubhair, i rith na haimsire úd.
Measadh gur bhall de chiorcal istigh na nEoghanacht ab ea an Eoghanacht Áine, i dteannta leis an Eoghanacht Ghleanndamhnach agus an Eoghanacht Chaisil. Dháileadh na trí ghéag seo ríogacht na Mumhan eatarthu sa 7ú agus formhór den 8ú haoiseanna.
Sa 7ú agus 8ú haoiseanna, ba é muintir Uí Éanna, de shliocht Éanna mhic Criomhthainn ua Ailealla, príomhchlann na hEoghanachta Áine. Ba é Cenn Fáelad hua Mugthigirn ar dhuine desna ríthe dearanacha na Mumhan ón teaghlach seo. Faoin 12ú haois, ba é muintir Uí Chiarmhaic agus/nó Uí Chiarba an phríomhchlann. Cuireadh ó rath iad le hionradh na Normannach ar Éirinn.