Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 31 Eanáir 1961 63 bliana d'aois Banjul |
Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta | |
15 Meitheamh 2012 – 15 Meitheamh 2021 ← Luis Moreno Ocampo – Karim Ahmad Khan → | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Ioslam |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Obafemi Awolowo University (en) International Maritime Law Institute (en) Scoil Dlí na Nigéire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, taidhleoir, dlíodóir |
Fostóir | na Náisiúin Aontaithe an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta |
Gradam a fuarthas |
Is Príomhionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta í Fatou Bensouda (a rugadh ar 31 Eanáir 1960 sa Ghaimbia).[1]
Duine de bhunadh na Gaimbia is ea Bensouda. Sa Nigéir a cuireadh oideachas ollscoile agus oiliúint ghairmiúil uirthi, in Ollscoil Ife agus Scoil Dlí na Nigéire. Tá máistreacht sa dlí muirí idirnáisiúnta agus dlí na farraige aici.
Bhí Bensouda ina hArd-Aighne agus Aire Dlí agus Cirt ar an nGaimbia ó 1998 go 2000.
Ina dhiaidh sin, bhí sí ag obair mar chomhairleoir dlí le Binse Coiriúil Idirnáisiúnta maidir le Ruanda, áit a raibh sí ina Comhairleoir Dlí Sinsearach agus Ceannaire ar an Aonad um Chomhairle Dlí ó 2002 go 2004.
Sa bhliain 2004, rinneadh Leas-Ionchúisitheoir a Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta di. Tháinig Bensouda in áit Luis Moreno Ocampo mar Phríomhionchúisitheoir sa bhliain 2012.
Ina theannta sin, bhí Bensouda ina bainisteoir ginearálta ar mhórbhanc tráchtála sa Gaimbia.
Fuair Bensouda duaiseanna líonmhara as a cuid oibre ar son na síochána agus na córa tríd an dlí coiriúil idirnáisiúnta.
Sa bhliain 2013, chas Bensouda le príomhlucht déanta dlíthe agus phlé sí an tslí is féidir le hÉirinn cabhrú leis an gCúirt chun cearta daoine agus riail an dlí a chur chun cinn go hidirnáisiúnta.[2]
Tá Bensouda póstta le Philip Bensouda, fear gnó, agus triúr clainne acu.