| ||||
Cineál | feallmharú ionsaí sceimhlitheoireachta | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | na Trioblóidí | |||
Dáta na bliana | 30 Márta 1979 | |||
Suíomh | Cathair Westminster, England | |||
Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
Sprioc | Airey Neave | |||
Íospartach | Airey Neave terrorism victim (en) | |||
Líon básanna | 1 | |||
Mharaigh an tINLA Airey Neave, feisire de chuid Pháirtí na dTóraithe, an Scáth-Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann, agus an-mhór le Margaret Thatcher, ar an 30 Márta 1979, i mbun feachtasaíochta roimh olltoghchán na bliana 1979 sa Ríocht Aontaithe..
Dúisíodh buama nuair a tiomáineadh gluaisteán Neave suas rampa ar an mbealach amach as an charrchlós ag Pálás Westminster.
I ndiaidh do Neave a bheith ina mhac léinn dlí in Ollscoil Áth na nDamh sna tríochaidí, gan aon ní speisialta ag baint lena chumas acadúil, cuireadh isteach ar a shaol oibre mar abhcóide nuair a bhris an Dara Cogadh Domhanda amach.[1]
Tar éis do na Gearmánaigh é a gabháil sa bhliain 1940, ba é Neave an chéad phríosúnach Briotanach a d'éalaigh ó Colditz agus a bhain an Ríocht Aontaithe amach arís.
Ina dhiaidh sin, bhí Neave ag obair don rúnseirbhís (nó MI9, an tseirbhís a chuidigh le baill d'fhórsaí armtha na Breataine ealú ó lucht a gafa i gcríocha an namhad agus ealú ó champaí príosúnaigh chogaidh).
Ós rud é go raibh Gearmáinis líofa aige agus cúlra sa dlí chomh maith, d'éirigh Neave ina rúnaí cúnta don Bhinse Míleata Idirnáisiúnta le haghaidh thriail na bpríomhchoirpeach cogaidh i Nurnberg. Sa cháilíocht sin, léigh sé na díotálacha amach os comhair na cúirte, i measc feidhmeanna eile. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé ar ais chuig an mBarra i Londain.
Bhí Neave ina theachta parlaiminte ó 1953 go dtí gur maraíodh é.
Bhí Neave an-mhór le Margaret Thatcher agus i bhfad amach ar an eite dheas. Bhí Neave dian ar choiriúlacht agus ar "sceimhlitheoireacht", agus ag iarraidh seasamh docht a ghlacadh ar an aighneas i dTuaisceart Éireann.
Bhí Neave ina bhainisteoir feachtais ag Margaret Thatcher, agus bhí ról lárnach aige nuair a toghadh Thatcher mar cheannaire ar an Pháirtí sa bhliain 1975 agus bhí sí faoi chomaoin ag Neave as a cúnamh. Cúitíodh an obair a rinne Neave ar an mbonn sin nuair a rinne sí an Scáth-Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann de.
Sa phost Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann, bhí Neave ar son stopadh de bheith ag iarraidh rialtas cineachta (agus tionól cineachta) a chruthú i mBéal Feirste. Ina áit sin, ba mhaith leis Tuaisceart Éireann a lánpháirtiú níos doimhne sa Ríocht Aontaithe agus a bheith níos déine ar ghrúpaí paraimíleata thuas ansin.[1]
Ní raibh ach trí lá caite den fheachtas toghchánaíochta sa bhliain 1979 nuair a maraíodh Neave. Thaispeáin an bhuamáil go raibh uirlisí sofaisticiúla ar fáil do na poblachtánaigh,[2]
Ghoill feallmharú Neave go mór ar Margaret Thatcher gan dabht.[1] Glaoitear 'An Bhean Iarainn' uirthi sna 1980idí. Ceapann a lán daoine go bhfuil cúis anseo leis an diongbháilteacht a thaispeáin Thatcher agus í ag diúltú do na héilimh ar stádas polaitiúil do na príosúnaigh phoblachtacha tráth na Stailceanna Ocrais a tháinig go gairid i ndiaidh a bháis.
"Thug poblachtánaithe dúshlán Thatcher agus ghlac sí leis go fonnmhar, fíochmhar daingean. Sin an mheancóg ba mhó dá ndearna sí", a deir Robert McMillen.[3] Níos déanaí sa bhliain 1979, mharaigh an tIRA an Tiarna Mountbatten agus 18 saighdiúir in aon eachtra amháin ag Narrow Water Castle i gContae an Dúin ar an lá chéanna.