Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (an FSS)[1] an eagraíocht atá freagrach as cúram sláinte a chur ar fáil in Éirinn. Tá freagracht ag an Aire Sláinte as an bhFeidhmeannacht sa rialtas.
Tá ceanncheathrú an FSS lonnaithe in Ospidéal Dr Steevens', BÁC 8. Is í an roinn rialtais atá bainteach leis an FSS go príomha ná an Roinn Sláinte.
Tá an eagraíocht maoinithe as an státchiste. Bhí buiséad bliantúil €103 billiún ag an FSS sa bhliain 2015[2], níos mó ná aon eagraíocht stát eile agus i bhfad níos mó ná an buiséad bliantúil sa bhliain 2005, €13 billiún.
Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an fostóir is mó in Éirinn Ag deireadh mhí na Nollag 2015 bhí 120,000 ball pearsanra, nó 103,884 coibhéis lánaimseartha fostaithe inti. (As na 103,884 CL sa bhliain 2015: bhí 63.8% (66,278) fostaithe leis an FSS. Bhí 23% (23,374) san earnáil dheonach ospidéil, agus 14% (14,232) san earnáil dheonach neamhghéar).
Bhí an Fheidhmeannacht curtha ar bun ag Acht Sláinte 2004 agus tháinig sé i bhfeidhm ar an gcéad lá Eanáir 2005. Tháinig sé i gcomharbacht ar na Bord Sláinte agus roinnt eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí eile.
Tharla ionsaí haiceála ar ríomhchoráis FSS agus na Roinne Sláinte in 2021.