Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 770 |
Bás | 847 76/77 bliana d'aois |
Ardrí na hÉireann | |
838 – 841 | |
Rí na Mumhan | |
820 – 847 ← Tnúthgal mac Donngaile – Ólchobar mac Cináeda → | |
Ab | |
![]() | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí, duine rialta ![]() |
Ardú | |
Teaghlach | |
Teaghlach | Eoghanacht Chaisil ![]() |
Rí na Mumhan ó 820 go 846 ba ea Feilimí mac Criomhthainn (Sean-Ghaeilge Fedelmid mac Crimthainn). Áiríodh é mar bhall de Chéilí Dé, abb Mainistir Chorcaí agus Mainistir Chluain Fearta, agus b'fhéidir ina easpag. Meastar gur naomh é de réir roinnt féilirí.
Le linn a luathréime, chaith Feilimí an-chuid ama ag dó mainistreacha.
Ball de Chineál Fínghin den Eoghanacht Chaisil ba ea Feilimí,[1] agus tháinig sé i gcoróin sa bhliain 820.[2] Sa bhliain 823, in éineacht le hAirtrí mac Conchúir, easpag Ard Mhacha, bhunaigh sé "Cáin Naomh Pádraig" sa Mumhain,[3] agus chreach agus Mainistir Gailline i gContae Uíbh Fhailí an lae inniu.[4] Dhóigh Feilimí na Dealbhna Beathra sa bhliain 825.[5] Sa bhliain 827, tharla an chéad cruinniú de mhórán idir Feilimí agus Conchobar mac Donnchada, Ard-Rí na hÉireann desna hUí Néill an Deiscirt.[6]
Sa bhliain 830, bhí Feilimí arís i mbun mainstreacha a dhó, Mainistir Fobhair i gContae na hIarmhí an lae inniu,[7] an t-am seo, is dócha. Chloígh sé clann Uí Bhriúin i ndeisceart na Gaillimhe sa bhliain 830,[8] agus sa bhliain chéanna, dúradh gur mharaigh fir na Mumhan Follomhan mac Donnchadha, deartháir an Ard-Rí, Conchúr.[9] Sna blianta 831 agus 832, scríobhadh go ndeachaigh sé i gceannas airm Laighnigh agus Muimhnigh i n-oirthear na Mí isteach, ag creachadh chomh fada ó thuaidh is Baile Shláine,[10] agus fosta ag déanamh ruathair faoi thrí ar Dhealbhna Beathra faoi thrí, agus ag dó Chluain Mhic Nóis.[11] Sa bhliain 833, tháinig sé ar ais go Cluain Mac Nóis á dhó, agus dhóigh sé freisin an mhainistir le Clann Cholmáin ag Darú, Contae Uíbh Fhailí.[12] Sa bhliain 835, insítear gur mharaigh fir na Mumhan Fearghas mac Bodbhchaid, rí Carraic-Brachaidhe as Inis Eoghain i n-iardheisceart na tíre.[13]
Sa bhliain 836, ghabh Feilimí aireagal i gCill Dara ó Forindam abb Ard Mhacha, agus chuir sé an t-abb agus cuallacht Naoimh Phádraig i ngéibhinn.[14] Sa bhliain 837, instear gur ghabh Feilimí mainistir Chorcaí, agus dusta gur chreach sé Cineál Cairbre Cruim.[15] Sa bhliain 838, tharla tionól mór ríoga i gCluain Conaire Tommain (tuaisceart Chill Dara an lae inniu) idir Feilimí agus Niall Caille mac Aodha, rí Uí Néill an Tuaiscirt.[16] Insítear i nAnnála Inis Faithlinn, is dócha ag tacú éileamh Mhuimhneach, gur éirigh Feilimí ina Ard-Rí na hÉireann an lá úd, agus gur ceapadh é ina abb Chluain Fearta.[17]
Is amhlaidh gur bhain bharr a réime amach sa bhliain 840, nuair a chreach Feilimí ríochtaí na Mí agus Breá i n-oirthear na tíre, agus is gur lig sé a scíth i dTeamhraigh. Tá dán gearr le fáil sna hannála faoina eachtraí:
Is he Feidhlimidh in ri |
Is é Feilimí an rí, |
Ba neamhbhuan é a chinseal ámh, óir sa bhliain 841, chloígh Niall Caille é i mbun catha ag Magh Ochtar i gCill Dara, mar a insítear sa dán a leanas:
Bachall Fheidlimidh fighligh[22] |
Bachall Fheilimí cráifigh, |
Is amhlaidh nár tháinig Feilimí ar ais an athuair tar éis an chliste seo agus fuair sé bás sa bhliain 847.[23] Ní insítear sna hAnnála Uladh conas ar eag sé, ach de réir foinsí eile, maraíodh Ciarán, naomhphátrún Chluain Mhic Nóis, é mar dhíoltas as creachadh Fheilimí. Faightear i nAnnála Chluain Mhic Nóis an cur síos a leanas:
# | Meán-Ghaeilge | NuaGhaeilge |
---|---|---|
AI838.1 | Mordal fer n-Erend i Cluain Ferta Brénaind, & Niall mc. Aeda, rí Temrach, do riarad Fédlimmid m. Crimthain corbo lánrí h-Érend Fédlimmid in lá sein, & co n-dessid h-i suide abbad Cluana Ferta. | Mórdháil fhir na hÉireann i gCluain Fearta Bréanainn, agus riar Niall mac Aodha, rí Teamhrach, le Feilimí mac Criomhthainn, gurbh Fheilimí ina lánrí na hÉireann an lá sin, agus gur shuigh sé i suí abb Chluain Fearta. |
AI840.1 | Fedlimmid do indriud Lethe Cuind óthá Birra co Temraich, & a chostud i Temraich & Gormlaith ingen Murchada, ríg Laigen, do gabail cona banchure, & Indrechtach macc Mail Duin do marbad lais i Temraich | Chreach Feilimí Leath Coinn ó Bhirra go Teamhraigh, agus cliseadh é i dTeamhraigh, agus ghabh sé Gormlaith iníon Murchadha, rí Laigean, lena banchoimhdeacht, agus mharaigh sé Indreachtach mac Maoil Dúin i dTeamhraigh |
AI847.1 | .uii. f., .x. l.Fedlimmid mc. Crimthain dormiuit. | Seachtú f(eria) [Satharn], deichiú l(uan) [gealach]. Feilimí mac Criomhthainn dormivit [thit a chodladh]. |