Beathaisnéis | |
---|---|
Floruit | 3 haois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Páiste | Aonghus II Fionn |
I Miotaseolaíocht na nGael, rí na nUladh agus Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Fearghas Dubhdhéatach (Sean-Ghaeilge Fergus Dubdétach) (dubhfhiaclach).
Tháinig sé i gcoróin i ndiaidh díbirt ó Theamhair a réamhtheachtaí, Lugaid mac Con, ag Cormac mac Airt, agus maraithe i Mumhain ag file Chormaic, Ferches mac Commáin. Ruaig ansin Fearghas agus a bheirt dheartháireacha, Fearghas Caisfhiachlach (fiacal briste) and Fearghas Foltlebair (gruaig fhada), Cormac go Connacht agus tháinig Fearghas féin i gcoróin. Bhí sé i réim ar feadh aon bhliain amháin, sular chloígh Cormac é, le cabhair ó Thadhg mac Céin agus Lugaid Láma, i gCath Crinna.
Ní dhéanann an Leabhar Gabhála na hÉireann lua ar birth ar shinsearacht Fearghasa.[1] Tugann Seathrún Céitinn ginealach fada dó, ag ainmniú a athair mar Finnchad mac Ogaman mac Fíatach Finn, rí na nUladh agus iar-Ard-Rí na hÉireann.[2] De réir na gCeithre Máistrí ámh, ba é Imchad athair Fhearghasa, ach ní rianaíonn siad a shinsearacht as sin amach.[3]
Réamhtheachtaí Lugaid mac Con |
Ard-Rí na hÉireann LGÉ déanach-2a haois FFÉ 203–204 ACM 225–226 |
Comharba Cormac mac Airt |