Dhéantaí staidéar ar a chuid saothar agus thugtaí iad mar eiseamláirí i ndréachtaí mheánaoiseacha.
Ina shaothar a foilsíodh tar éis a bháis, The Irish Tradition (1946), scríobh Robin Flower alt fada faoin bhfear agus na seanscéalta faoina bheatha.
Luaitear Flann sa litir pearsanta is sine as Éirinn atá ar marthain, a théann siar go dtí lár na 12ú haoise, seolta chuig Áed Ua Crimthainn, tiomsaitheoir den Leabhar Laighneach, ag Findeaspag Cill Dara, a scríobh:[1]
Let the poem book of Mac Lonáin be brought to me so that we may study the meanings of the poems that are in it, et vale in Christo.
Feictear i nAnnála na gCeithre Máistrí dhá rann de chaoineadh a chum Flann tar éis do Tresach, mac Becáin, flaith Ua m-Bairrche Maighe, do mharbhadh la h-Aodh, mac Iolghuine sa bhliain 884:[2]
Annála Uladh, AU 896.10: Flann m. Lonain .h. Ghuaire do ghuin lasna Deise Muman.
Annála Inis Faithlinn, AIF 896.3: Guin Flaind meicc Lonáin, rí filed n-Erend, la h-úa Fothaid Tíre.
Chronicon Scotorum CS 896: Flann mac Lonain Firgil Gaedeal .i. primfile Gaoideal do marbadh d'Uíbh Cuirrbuide .i. o hUibh Fothaidh ag Loch da Caoch a n-Desibh Muman.
Annála na gCeithre Máistrí, M891.14: Flann mac Lonáin, Uirghil Shil Scota primh-fhileGaoidheal uile, file as deach baí i n-Erinn ina aimsir, do mharbhadhla macaibh Cuirbhuidhe, do Uibh Fothaith iat-sen, h-in-duinetaidhe h-ic Loch Dá Caochi n-Deisibh Mumhán.