Foirmeacht Uí Mhuireasáin

Radharc den fhoirmeacht.

Seicheamh sainiúil is ea Foirmeacht Uí Mhuireasáin (Béarla Morrison Formation) de charraigeacha dríodair an Iúrasaigh Uachtaraigh, le fáil in iarthair na Stát Aontaithe, áit ina bhfuarthas an chuid is mó foinsí torthúla d'iontaisí dineasár i Meiriceá Thuaidh. Tá sé comhdhéanta de láibchloch, ghaineamhchloch, shioltachloch, agus aolchloch, agus tá sé fionnliath, glasliath, nó dearg. Bíonn an chuid is mó de na hiontaisí ar fáil sna gaineamhchlocha uochtaracha, iarsmaí na n-aibhneacha agus na dtuilemhánna de chuid na Tréimhse Iurasach.