Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Nollaig 1938 An Charraig Dhubh, Éire |
Bás | 28 Feabhra 2016 77 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir scripte, amhránaí, iriseoir, aisteoir scannáin, aisteoir stáitse, aisteoir teilifíse |
Tréimhse oibre | 1968 – |
Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Uirlis | Ceol gutha |
Teaghlach | |
Athair | Charles E. Kelly |
|
Aisteoir, scríbhneoir agus fuirseoir Éireannach ab ea Proinsias Ó Ceallaigh (nó Frank Kelly mar a thugtar air as Béarla, 28 Nollaig 1938 - 28 Feabhra 2016). Thuil sé clú ar an teilifís agus an raidió ach go háirithe. Bhí ról aige mar 'Father Jack Hackett' sa chlár Father Ted. Bhí an cartúnaí cáiliúil, Charles E. Kelly, ina athair.
Thuil a chuid oibre ar 'Hall's Pictorial Weekly' sna 1970idí a lán cáil dó, go háirithe lena ról mar Pharnell Mooney, magadh faoi Comhairleoir Chontae amaideach ón tuaithe.
Bhí ról aige ar 'Wanderly Wagon' (ar RTÉ idir 1968 agus 1982) in aice le Eugene Lambert agus Nora O' Mahoney. Scríobh sé cuid mhór de na scéalta.
Go luath sna 1980idí bhí páirt aige sa tsraith theilifíse 'Anois is Aris', ag labhairt ar ghuthán agus de réir a chéile ag cur isteach tuilleadh phrásaí Gaelacha.[1]
Sa bhliain 2001, bhí páirt eile aige mar "Father Pickle" sa tsraith theilifíse Lexx, i sraith a 4, cuid a 6.
Bhí ról an-tábhachtach ar fad aige i 2003 mar cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa tsraith theilifíse chonspóideach Sasanach The Deal.
I 2007 bhí sé sa dráma Running Mate. Bhí páirt eile aige sa chlár greann Paddywhackery chomh maith ar TG4.
Bhí sé in aice le Mr Tayto san fheachtas do chriospaí Tayto.
Is é an rud is suntasaí a rinne sé ná a chuid oibre ar an gclár grinn 'Father Ted' mar an sagart 'Father Jack Hackett', saofóir, meisceoir agus seanfhear, lena cúpla focail 'drink', 'feck' agus 'arse'.
Scaoil sé singil don Nollaig, 'Christmas Countdown', a shroich uimhir a 8 sna cairteacha singil Éireannach i 1982 agus ag 34 sna cairteacha singil neamhspleách Sasanach, agus albam, Comedy Cowntdown, ina raibh sketch ón a chlár raidió The Glen Abbey Show (i rith na 1970idí.
Scaoileadh bailiúcháin dá phíosaí grinn ar CD timpeall 2000. Bhí Ayotollah Céillí Band, Magnum Farce, Incoming Call, Festive Spirit, Him of Praise, Call of the Wild, Festive Note agus Siege Mentally, roinnt de na rianta a bhí ar an diosca.
Thug sé camchuairt go forleathan ar na Stáit Aontaithe agus ar Cheanada.
Phríosúnach ba ea é sa scannán, 'Italian Job', 1969 ach gan a bheith luaite sna teidil chreidiúna. Bhí páirt aige sa scannáin 'Taffin' sa bhliain 1982. Bhí páirt eile aige sa scannáin 'Rat' i 2000 agus san gearrscannán Yu Ming Is Ainm Dom.
Bhuaigh Ó Ceallaigh an dámhachtain 'Jacob's' sa bhliain 1974 mar aitheantas ar a chuid oibre ar 'Hall's Pictorial Weekly'.
Bhí galar Parkinson air agus bhí aimhréidheanna cairdiacha ag baint leis. Bhuail taom croí é ar 28 Feabhra 2016. Fuair Ó Ceallaigh an ceann is fearr ar ailse phutóige thiar sa bhliain 2011 agus ailse chraicinn sa bhliain 2015.