Caithréimeanna lonracha agus frithchaiteacha, déanta as micreaphlaistigh go minic, is ea gealra.[1][2] Baintear úsáid as gealra sna healaíona maisiúla.
Ní bhíonn an gealra in-bhithmhillte de ghnáth. Beag bídeach, b'fhéidir 0.05 go 0.35 mm, agus déanta as PVC nó PET roimh na 2020idí, is truailleán é agus tá an clúdach sna meáin sách diúltach faoi anois.
Tugadh isteach cosc ar ghealra plaisteach san Aontas Eorpach sa bhliain 2023 chun bruscar micreaplaisteach a laghdú. Bíonn sé an-dainséarach do na hainmhithe agus na héin nuair a théann sé isteach san fharraige. Ní bhaineann an riail ach le gealra plaisteach.[4]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |