Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 25 Eanáir 1929 |
Bás | 11 Meitheamh 2023 94 bliana d'aois Carraig na Siúire, Éire ![]() |
Chair of Old and Middle Irish and Celtic Philology in Galway (en) ![]() | |
1966 – 1994 ![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Gaillimhe ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | teangeolaí ![]() |
Tréimhse oibre | 1957 – |
Ball de | Academia Europaea (1989–) ![]() |
Fear léinn Éireannach ab ea Gearóid Mac Eoin (25 Eanáir 1929 - 11 Meitheamh 2023)
I gcathair Luimnigh a saolaíodh é ina mhac ag Jack McKeon agus a bhean chéile Margaret Whelan. Ba é Gearóid an duine is sine de thriúr deartháireacha: rugadh John sa bhliain 1931 agus Willie (a cailleadh sa bhliain 1976) sa bhliain 1935. Fuair Gearóid scolaíocht sa Mhodh-Scoil, Luimneach, agus i gColáiste na Dea-Chomhairle i Ros Mhic Treoin, i gCo. Loch Garman, 1933-47. Chuaigh sé isteach i gCumann an tSlánaitheora, na 'Redemptorists i bhfómhar na bliana 1947 agus d'fhan leo go dtí 1956. Bronnadh scoláireacht Aiken le cúrsa a dhéanamh trí Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, air de bharr na hArd-Teistiméireachta sa bhliain 1947. Sa gColáiste sin rinne sé staidéar ar an Sean-Ghaeilge, Nua-Ghaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban, Sean-Bhreatnais, Nua-Bhreatnais, Seandálaíocht, Stair, Laidin, agus Gréigis. Bronnadh céim B.A. sa Léann Ceilteach (Céad Onóracha) air sa bhliain 1951. Fuair sé an Staidéaracht Taistil sa Léann Ceilteach an bhliain dár gcionn agus an chéim M.A sa bhliain 1953 le miontráchtas darbh theideal 'Dán ar Chogadh na Traoi' (Studia Hibernica 1, 1961).
Chaith sé na blianta 1953-5 in Ollscoil Bonn sa nGearmáin mar mhac léinn diagachta san am gcéanna sa choláiste a bhí ag an Ord i Geistingen. Rinne sé staidéar faoi na hollúna Hertz, Weisgerber, Ewig, Menzerath, Meyer-Eppler, Rüfner, agus Thoma. Bronnadh céim D. Phil. air sa bhliain 1955 de thoradh ar thráchtas darbh theideal 'Das Verbalsystem von Togail Troí (H. 2 17)' (Zeitschrift für celtische Philologie XXVIII) a scríobh sé faoi stiúir Hertz. Tar éis dó filleadh ar Éirinn d'fhág se an tOrd.
Le cabhair litreacha a fuair sé ón Ollamh Tomás Ó Máille fuair sé obair láithreach i Raidió Éireann, ag tabhairt Nuachtchaint in aghaidh na seachtaine agus ag caint ar chlár dar teodea; 'Nuacht Anall, Nuacht Abhus'. Ag an am sin bhí Maura Carney, léachtóir sa Cheiltis in Uppsala na Sualainne, ag iarraidh teacht abhaile agus bhí comharba uirthi á lorg. Tráthnóna Domhnaigh amháin, nuair a bhí socraithe aige dul ar cheolchoirm sa Theatre Royal, fuair sé scéala ó Shéamus Delargy, fear nach raibh aon aithne aige air go dtí sin, teacht ar chuairt chuige. Dhein sé sin agus fuair sé James Carney, ar chuir sé aithne air ag Scoil Samhraidh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1952, i gcomhluadar Delargy sa tigh. Cheistigh siad Mac Eoin faoin staidéar a bhí déanta aige agus d'fhiafraigh siad de an mbeadh fonn air glacadh leis an bpost in Uppsala. Sin é an t-am a thuig Mac Eoin gur faoi agallamh a bhí sé go dtí sin.
Chuir Delargy sreangscéal go Uppsala an mhaidin dár gcionn ach ní raibh aon eolas éinne in Upsala ar an iarrthóir, agus bheartaigh siad ar iarraidh ar Maura Carney fanacht bliain eile in Uppsala.
Bhí scoláireacht fógraithe ag Rialtas na hÍoslainne an samhradh sin do mhac léinn ó Éirinn a chaithfeadh téarma bliana ar an ollscoil i Réicivíc ag foghlaim na hÍoslainnise. Chomhairligh Delargy do Mhac Eoin cur isteach ar an scoláireacht. Rud a dhein agus fuair. An samhradh céanna sin, 1956, fuair Mac Eoin scoláireacht san Institiúid Árd-léinn agus chuaigh sé i mbun oibre ansin. Nuair a chinn na hÍoslainnigh ar a scoláireacht féin a bhronnadh air cheadaigh an Institiúid dó a scoláireacht siúd a chur ar fionraí go bhfillfeadh sé ar Éírinn. Ar Ollscoil Réicivíc bhí thart ar 12 mac léinn eile ó thíortha éagsúla ar an gcúrsa céanna leis. D'éirigh le formhór na mac léinn an Íoslainnis a fhoghlaim go maith agus bliain thaitneamhach a chaitheamh i Réicivíc, d'ainneoin chorraíl an tsaoil pholaitíochta sa Mheán-Oirthear.
An samhradh ina dhiaidh sin bhí Mac Eoin ar ais ina scoláire san Institiúid Ard-Léinn, ach ceapadh é ina 'lektor' le Teangacha Ceilteacha agus Béaloideas in Ollscoil Uppsala an fómhar sin agus d'fhan sé in Uppsala go dtí 1959. Le linn an ama sin phós sé Guðrún Helga ('Gimma') Hallgrímsdóttir, a casadh air i Réicivíc an bhliain roimhe sin. Rugadh ceathrar clainne dóibh, Seán (1958), Gearóid (1960), Máire (1961), agus Caitlín (1963).
Sa bhliain 1959 ghlac Mac Eoin post mar Ollamh le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Chonrach, Baile Átha Cliath. Bhí sé mar Rúnaí ar Choiste Eagarthóireachta Studia Hibernica a bhunaigh sé féin agus comhleacaithe eile i gColáiste Phádraig sa bhliain 1961. Bhí Mac Eoin ina Uachtarán ar Chomhar na Múinteoirí Gaeilge agus chuir sé roimhe an Comhar a leathnú amach i gcoláistí tríú leibhéil. Sa bhliain 1963, ceapadh é ina Ollamh Cúnta i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Um an dtaca sin ba é Mícheál Ó Briain a bhí ina Stiúrthóir ar an Scoil. Na hOllúna Sinsearacha a bhí ann ná Myles Dillon agus D.A. Binchy. Bhí James Carney agus Brian Ó Cuív ar an bhfoireann freisin.
Sa bhliain 1966 ceapadh Mac Eoin ina Ollamh le Sean- agus Meán-Ghaeilge agus le Teangeolaíocht Cheilteach i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, áit ar chaith sé an chuid eile dá shaol oibre. Toghadh é ina Dheánach ar Dháimh an Léinn Cheiltigh cúpla uair. Toghadh é mar bhall de Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1975. Agus é ina Uachtarán ar Chomhar na Múinteoirí Gaeilge d'eagraigh sé comhdhála agus scoileanna samhraidh don Chomhar. I measc na gcomhdhála a d'eagraigh Mac Eoin i Roinn na Sean-agus na Meán-Ghaeilge bhí Comhdháil Idirnáisiúnta an Léinn Cheiltigh (1979), Comhdháil ar Mhionteangacha, Comhdháil ar Stair na Teangeolaíochta, agus Comhdháil ar Leathnú Teangacha thar an Muir Mhór. Bhí sé páirteach i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus i gComhchoiste Ghaeltacht Chonamara sna seachtóidí.
Thug sé seal ina ollamh cuarta in Ollscoil Bonn (1979-80), Ollscoil Freiburg (1985) agus sa Humboldt-Universität i mBerlin (1993). Ó dheireadh na n-ochtóidí d'eagraigh Mac Eoin Scéim ERASMUS a bhí faoi stiúir Chomhphobail na hEorpale comhoibriú san oideachas a chothú idir tíortha na hEorpa. Teanga agus Litríocht na dtíortha Ceilteacha an téama a bhí ag an gComhdháil agus nuair a d'éirigh sé as an Ollúnacht bhí 22 ollscoil istigh leo le haghaidh an Léinn Cheiltigh. Sa bhliain 1994 d'éirigh Mac Eoin amach ar phinsean. Sa bhliain 1999 bhronn Ollscoil na hÉireann an Chéim Oinigh D.Litt. celt. air. Fuair a bhean chéile bás sa bhliain 2007. Ón am a chuaigh sé amach ar phinsean Mac Eoin sé ag obair mar scoláire neamhspleách, ag tabhairt léachtaí nuair a iarrtar iad agus ag cur altanna i gcló de réir a chéile. Tá cónaí air i mBearna.
Hereditas: Essays and Studies presented to Professor Séamus Ó Duilearga..., (with Bo Almqvist and Breandán Mac Aodha), Dublin 1975.