Glantóir

B'éasca éadaí is gréithre a ní is a ghlanadh dá dtuaslagfadh gach salachar is smál san uisce. Tarlaíonn sin i gcás ábhar polach, salainn is siúcraí mar shampla, ach ní tharlaíonn i gcás ábhar neamhpholach, ola is saill mar shampla. I ngallúnach bíonn móilíní fada líneacha, agus ceann polach is ceann neamhpholach ar gach móilín acu. Greamaíonn na cinn neamhpholacha le salachar neamhpholach, ionas go mbíonn na cinn pholacha ag gobadh amach agus an ghallúnach ag clúdach an tsalachair. Micile a thugtar ar struchtúr seo na gallúnaí thart ar phíosa salachair. Bíonn an micile seo intuaslagtha san uisce, agus mar sin cabhraíonn an ghallúnach chun an salachar a bhaint chun siúil. Maidir le huisce crua, uisce ina mbíonn iain chailciam, iarainn is maignéisiam tuaslagtha, cuireann na hiain seo isteach go mór ar fheidhmiú na gallúnaí agus milleann an micile glanta seo. San uisce seo, feidhmíonn glantach chun micile intuaslagtha eile a dhéanamh timpeall ar an salachar. Uaireanta, bíonn smál greamaithe chomh docht sin nach féidir é a thuaslagadh. Sa chás sin tagann tuarthóir i gceist. Éiríonn éadaí bána pas beag buí le himeacht ama de bhrí go n-asúnn siad solas gorm ón solas bán a thiteann orthu. Bíonn gilirí mar bhreiseáin i nglantóirí chun déileáil leis an bhfadhb seo.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Glantóir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 319.