Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 Samhain 1973 51 bliana d'aois an Spidéal, Éire ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Gaillimhe ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | láithreoir teilifíse ![]() |
Teaghlach | |
Siblín | Síle Seoige |
![]() ![]() |
Is láithreoir teilifíse Éireannach í Gráinne Seoige (a rugadh ar an 5 Samhain 1974 sa Spidéal) ar an stáisiún náisiúnta RTÉ. Bhí sí ar Sky News Ireland, TV3 roimhe sin agus TG4 roimhe sin arís. Is í Síle Seoige a deirfiúr.
Thosaigh sí ina gairm mar chraoltóir i 1996 nuair a cuireadh Teilifís na Gaeilge (TnaG/TG4) ar bun.
Bhí an Seoigeach san iomaíocht san Olltoghchán 2024 i nGaillimh Thiar agus tacaíocht aici ó cheannasaíocht Fhianna Fáil.[1][2][3] Bhí sí curtha as an áireamh i ndiaidh an naoú comhaireamh agus 3,162 vóta aici le haistriú.[4] Shéan sí gur chaith Fianna Fáil go fabhrach léi. “Is as an Spidéal i gConamara mise. Tógadh ansin mé. Is as Ros Muc m’athair, is as Inis Meáin mo mháthair. Is páirt den áit seo mise agus ní raibh aon pharasiúit i gceist."[5][6][7]