Abhcóide agus polaiteoir ab ea Hartley William Shawcross, Barún Shawcross (4 Feabhra 1902 – 10 Iúl 2003).
Céimí de chuid Choláiste Dulwich, rinne sé staidéar ansin i Scoil na hEacnamaíochta agus na hEolaíochta Polaitiúla (LSE) Londain, agus Ollscoil na Ginéive.[1]
Rinne sé staidéar le haghaidh an Bharra in Ósta Gray, agus bhí sé sa chéad áit sna scrúduithe deiridh don Bharra sa bhliain 1925.
Le linn dó a bheith ina léachtóir páirtaimseartha in Ollscoil Learphoill (1927-1934) d'fhorbair sé suas le cleachtas rathúil éagsúil ar Chuaird an Tuaiscirt agus glaodh chun an Bharra Laistigh air sa bhliain 1939.
Bhí Shawcross ina Phríomh-Ionchúisitheoir de chuid na Ríochta Aontaithe ag an mBinse Míleata Idirnáisiúnta i Nürnberg ó 1945 go 1946, áit ar measadh go forleathan gurbh é an duine b'éifeachtaí de na príomhionchúisitheoirí, go háirithe i gcomparáid lena chomhghleacaí Meiriceánach, An Breitheamh Robert Jackson.
Feisire Parlaiminte de chuid Pháirtí an Lucht Oibre ba ea Shawcross ó 1945 go dtí gur éirigh sé as i 1958.
Bhí Shawcross ina Ard-Aighne ar Shasana agus an Bhreatain Bheag ó 1945 go 1951. Sa phost sin, rinne sé roinnt cásanna a bhí i mbéal an phobail a ionchúiseamh go pearsanta os comhair chúirteanna Shasana, mar shampla na cásanna i gcoinne William Joyce ("Lord Haw-Haw"), John George Haigh ("dúnmharfóir an fholcadáin aigéid") agus Klaus Fuchs.
Bhí Shawcross i bhfad ní ba rathúla mar dhlíodóir ná mar pholaiteoir agus bhí sé ina Chathaoirleach ar Chomhairle Bharra Shasana agus na Breataine Bige ó 1952 go 1957. Sa bhliain dheireanach, d'éirigh sé as an mBarra ar chomhairle na ndochtúirí agus ón bParlaimint an bhliain ina dhiaidh sin.
Rinneadh tiarna saoil trasbhinse de sa bhliain 1958 (duine de na chéad tiarnaí saoil a cheapadh riamh.) Ó shin i leith bhí gairme fada aige mar dhuine de na "maithe agus móruaisle", i bpoist amhail
Chomh maith leis sin, bhí sé i measc bunaitheoirí JUSTICE (roinn Bhriotanach de chuid Choimisiún Idirnáisiúnta na nDlí-Eolaithe) agus ina chathaoirleach tosaigh air, ó 1957 go 1972.
Mar dhuine de bhunaitheoirí Ollscoil Sussex, bhí dlúthbhaint fhada aige léi agus bhí sé ina Leas-Seansailéir (1961-65) agus ina Sheansailéir uirthi.
Le linn a shaoil phoiblí tar éis dó oifig aireachta a fhágáil i 1951, ba mhinic a bhí malairt tuairime idir Shawcross agus a chuid iar-chomhghleacaithe (mar a bhí siad tráth dá raibh) i bPáirtí an Lucht Oibre, go háirithe ar shaincheisteanna ar nós shaoirse an phreasa.
Bhí sé ar thús cadhnaíochta na n-agóideoirí ar son Bille um Chearta, tráth a bhfacthas go forleathan é, agus an Tiarna Hailsham an duine is mó a bhíonn luaite sa chomhthéacs sin, mar chosaint i gcoinne iomarcaí féideartha de chuid rialtas den eite chlé.