Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 Samhain 1989 34 bliana d'aois Contae Chorcaí, Éire |
Teachta Dála | |
8 Feabhra 2020 – Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Corcaigh Thiar Theas Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2020 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na hOllscoile Corcaigh |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Na Daonlathaigh Shóisialta |
Teaghlach | |
Páirtí | Christopher O'Sullivan |
Is Teachta Dála leis na Daonlathaigh Shóisialta í Holly Cairns nó Holly McKeever Cairns uaireanta, a rugadh ar an 4ú Samhain 1989. Bhí gnólacht ag a tuismitheoirí ag díol síoltaí orgánacha. Rinne Holly Cairns staidéar ar an ngarraíodóireacht orgánach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
San Olltoghchán 2020, fuair sí 11% den vóta i gCorcaigh Thiar Theas, beagáinín os cionn leath den chuóta. Bhí Paul Hayes, Sinn Féin, chun cinn uirthi le 11% chomh mairh, agus ba iad na vótaí aistrithe a thug an suíochán di, cuid mhaith acu ó Hayes. Vhí an toghcheantar seo mar a bheadh daingean ag Fine Gael riamh. Laigí inmheánacha a scrios a gcuid seansanna in 2020.
In 2023, bhí gach cosúlacht ann go mbeadh Cairns, agus na Daonlathaithe Sóisialta léi, sásta dul i gcomhrialtas le Sinn Féin. Ag an am céanna, dhiúltaigh Cairns glacadh le socrú rialtais roimh an olltoghchán.[1]
Tá sí le feiceáil go rialta sna meáin mar cheannaire anois.
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |