Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 31 Deireadh Fómhair 1938 Troy, New York |
Bás | 19 Lúnasa 2023 84 bliana d'aois Albany, New York |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Stróc) |
9 Easpag deoise | |
1 Feabhra 1977 – 11 Feabhra 2014 ← Edwin Broderick – Edward Bernard Scharfenberger → Deoise: Deoise Chaitliceach Albany | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Chaitliceach Mheiriceá Cliarscoil Iósaf Ollscoil Phontaifiúil Ghréagóra Institiúid La Salle |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Gairm | easpag Caitliceach (1977–2023), sagart Caitliceach (1963–2023) |
Teangacha | Béarla agus an Laidin |
Coisreacan | Terence Cooke |
Prealáid de chuid na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí agus Easpag Emeritus de Dheoise Albany ba ea Howard James Hubbard (a rugadh ar 31 Deireadh Fómhair 1938 agus a d'éag ar 19 Lúnasa 2023). Ba é Hubbard an naoú Easpag Albany, ag fónamh mar easpag ó 27 Márta 1977 go 10 Aibreán 2014.
Rugadh Howard Hubbard i Troy, Nua-Eabhrac, do Howard agus Elizabeth Hubbard. D’fhreastail sé ar Scoil Phádraig agus ar Institiúid La Salle, ag dul isteach i Seimineár Mater Christi sa bhliain 1956. Chuir sé a chuid staidéir ar aghaidh ag St. Joseph's Seminary, Dunwoodie, (áit a bhfuair sé céim choláiste san fhealsúnacht) agus ag Pontificia Università Gregoriana sa Róimh. Le linn dó a bheith sa Róimh, gaireadh Hubbard chun na sagartachta ar 18 Nollaig 1963.[1] Rinne sé staidéar iarchéime i réimse na seirbhísí sóisialta ag Ollscoil Chaitliceach Mheiriceá in Washington, D.C.[2]