Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Feabhra 1898 Contae Chorcaí, Éire |
Bás | 30 Deireadh Fómhair 1963 65 bliana d'aois Cathair Saidhbhín, Éire |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Stróc) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Bhréanainn, Cill Airne Coláiste Mungret |
Gníomhaíocht | |
Gairm | taidhleoir, sagart Caitliceach |
Gradam a fuarthas | |
Ba shagart Éireannach Caitliceach Rómhánach é Hugh O'Flaherty, nó Aodh Ó Flatharta, an "falcaire fiáin na Vatacáine" (28 Feabhra 1898 – 30 Deireadh Fómhair 1963).[1] I rith an Dara Cogadh Domhanda, bhí an Monsignor gníomhach sa Róimh ar son na bpríosúnach, ar son Giúdaigh agus éinne eile a d’fhéadfadh a bheith tógtha ag na húdaráis.
Deirtear gur shábháil an Flathartach na mílte daoine i rith an uafáis.[2] Chabhraigh an Moinsíneoir le breis is sé mhíle duine teacht slán ó Gestapo na Naitseach san iomlán, is cosúil.[3]
As Cathair Saidhbhín (i gContae Chorcaí) ab ea é ó dhúchas. Ba dhuine an-mheabhrach é. Bhí ardoideachas air –bronnadh trí cinn de dhochtúireachtaí air agus bhí máistreacht aige ar sheacht gcinn de theangacha. Níorbh aon iontas é gur choinnigh an Eaglais sa Róimh é, seachas é a chur ar ais ag obair i bparóiste éigin.
Sna 1940idí, sagart sa Vatacáin a bhí ann. Bhí an Flathartach ceaptha a dhul chuig an Afraic Theas toisc go raibh easpag Capetown ina phátrún aige, ach iarradh air fanacht sa Róimh agus tugadh post ardleibhéil dó.
Bhí an Moinsíneoir an-mhór le maithe agus móruaisle na Róimhe- chuidigh a scil i gcúrsaí gailf go mór leis, scil a d’fhoghlaim sé ar ghalfchúrsa Chathair Saidhbhín.
Bhí mioneolas aige ar an Róimh, rud a bhí an-úsáideach nuair a bhí sé ag obair le príosúnaigh agus le teifigh a bhí ag iarraidh éalú ó na Naitsithe.
Dream iad na Pamphilj a sheas i gcoinne an fhaisisteachais san Iodáil agus ba chosúil gur chuidigh siad go mór le hiarrachtaí an Moinsíneoir O’Flaherty agus dreamanna eile, daoine a coinneáil ó ghreim na Naitsithe.
Nuair a bhí an cogadh ag druidim le deireadh, agus go mbíodh an Moinsíneoir i gcomhar le hambasadóir na Breataine agus a bhuitléara, John May, ag ceilt príosúnach ón mBreatain go háirithe, tháinig sé i gcabhair ar Sam Derry den Royal Artillery.[4] As sin amach bhí breis cabhrach aige féin chun an líne éalaithe a dhaingniú.
Dúradh go raibh an Flathartach in ann éide bhréige a chur air féin go minic chun éalú ó na Naitsithe san Iodáil. Mar shampla, oíche amháin agus é ar cuairt ar a chara an Prionsa Doria Pamphilj, ar Via del Corso, tháinig buíon saighdiúirí Gearmánacha ar a thóir. De léim, rith sé síos chuig an íoslach, áit a raibh gual á chur síos i ‘siúit’ don phálás.
Chaith sé smúdar guail ar a chorp ó bhun go barr, sháigh a chuid éadaí sagairt isteach i mála guail, agus shiúil amach faoi shrón na saighdiúirí in éindí leis na fir ghuail eile.
Gan ach 65 blain slánaithe aige, fuair an Flathartach bás i gCathair Saidhbhín i 1963.
Ba léir gur ‘fathach fir’ ar go leor bealaí a bhí sa Mhonsignor. Seasann sé amach i ngach pictiúr toisc chomh hard is a bhí sé, ach freisin is léir go raibh údarás agus muinín aige as féin. Ní haon iontas gur thug sé dúshlán na Naitsithe a bhí i gceannas ar an Róimh ag an am, tar éis titim Mhussolini agus gur éirigh leis féin agus a chiorcal comrádaithe na mílte príosúnach agus daoine eile a thabhairt slán ón dainséar mór a bhí ag bagairt orthu sa gcathair.[5]