| ||||
Cineál | ionsaí sceimhlitheoireachta ionsaí buamála carrbhuamáil coireacht fuatha ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Cogadh san Afganastáin, 2021 Afghanistan attacks (en) ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() | |||
Dáta na bliana | 8 Bealtaine 2021 ![]() | |||
Suíomh | Dashte Barchi, An Afganastáin (en) ![]() ![]() ![]() | |||
Tír | an Afganastáin ![]() | |||
Sprioc | Shia Muslim (en) ![]() ![]() | |||
Cúis | Anti-Shi'ism (en) ![]() ![]() | |||
Líon básanna | 90 ![]() | |||
Líon gortaithe | 240 ![]() | |||
Déantóir na coire | Islamic State – Khorasan Province (en) ![]() ![]() | |||
Arm | 1 buama ghluaisteáin 2 improvised explosive device (en) ![]() ![]() | |||
Ar 8 Bealtaine 2021, maraíodh 68 duine ar a laghad agus gortaíodh breis is 150 duine in ionsaí buamála a déanadh ar scoil do chailíní i gCabúl, príomhchathair na hAfganastáine. Maraíodh agus gortaíodh mic léinn den chuid is mó.[1] Bhí na cailíní ar a slí abhaile ón scoil nuair a tharla an chéad phléasc. Buama a bhí curtha isteach i gcarr taobh amuigh den scoil a bhí ann. Phléasc buamaí seiftithe cois bóthair tamaill ina dhiaidh.
Tharla an t-ionsaí sa cheantar ina mhaireann an pobal mionlaigh Hazara. Moslamaigh Siaigh den chuid is mó is ea iad, a thacaigh na Meireacánigh le linn na 2000idí agus 2010idí. Ionsaí seicteach a bhí i gceist. Cuireadh an milleán ar an Stát Ioslamach, de chuid na Sunnaíoch. Déanann míleataigh ionsaí ar lucht Hazara go minic.[1]
Cuireadh na cailíní óga i reilig a bhí suite ar mhullach cnoic i gCabúl an lá dár gicionn.[1]
Bhí an milleán ar dtús curtha ag Uachtarán na tíre Ashraf Ghani ar cheannaircigh an Talaban.[2] Ach shéan an Talaban gurbh iad ba chiontaí leis an ionsaí agus ghlac an Stát Ioslamach an fhreagracht as.[3]
Bhí cáineadh déanta go hidirnáisiúnta ar an ionsaí. Mar shampla, dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, go raibh sé suaite ag an scéal agus go gcaithfear deireadh a chur leis an bhforéigean sa cheantar.