| ||||
Cineál | aerionsaí dóiteán | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Cogadht Iosrael-Hamas, Rafah offensive (en) agus genocide in Gaza (en) | |||
Dáta na bliana | 26 Bealtaine 2024 | |||
Suíomh | Tel al-Sultan refugee camp, Stát na Palaistíne (en) , Stráice Gaza | |||
Tír | Stát na Palaistíne | |||
Líon básanna | 50 45 | |||
Líon gortaithe | 200 249 | |||
Déantóir na coire | Aerfhórsa Iosrael | |||
Arm | Small Diameter Bomb (en) | |||
Tharla ionsaí buamála de chuid Iosrael ar ionad tearmainn do theifigh, in aice le Rafah i Stráice Gaza, ar an 26 Bealtaine 2024. Thug Wikipedia an Bhéarla "Sléacht Tel al-Sultan" ar an eachtra. Maraíodh 40 duine ar a laghad, b'fhéidir i bhfad níos mó, agus gortaíodh na dosaenacha mar gheall ar ionsaí buamála a rinne aerfhórsa Iosrael gan choinne ar ionad tearmainn do theifigh i ndeisceart Gaza.[1][2]
Ar an 24 Bealtaine 2024, d'ordaigh an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta d'Iosrael deireadh a chur láithreach bonn leis an gcogadh atá siad a chur ar Rafah. Luadh sa rialú an easpa bia, uisce, saoráidí sláinteachais agus cógas leighis a bhí san iamhchríoch. Bhí an CBI den tuairim nach bhfuil na hIosraelaigh ag tabhairt aghaidh mar is ceart ar an ngéarchéim dhaonnúil. Chuir an Afraic Theas i leith Iosrael go bhfuil siad ag baint úsáid as an ngorta mar uirlis chogaidh agus go bhfuil daonra an Stráice i mbéal an bháis leis an ocras. Fuair níos mó ná 35,000 Palaistíneach bás ó thús an chogaidh i nDeireadh Fómhair 2023 go dtí Bealtaine 2024.[3]
Ag an am céanna, thar aon áit eile in Gaza, bhí Rafah á chur faoi luí na bíse ag na hIosraelaigh agus rún acu, a dúirt Iosrael, gan aon cheathrú anama a thabhairt do Hamas san áit.[4]
Cúpla uair roimh an ionsaí ar Tel al-Sultan, scaoil Hamas ocht roicéad ar a laghad as Rafah le cathair Tel Aviv in Iosrael.[5][6] Is féidir gur gníomh díoltais a bhí san ionaí ar Tel al-Sultan.
Mar is gnáth, ní raibh Iosrael ná na gníomhaireachtaí i nGaza ar aon tuairim, beag ná mór, faoin eachtra i dTel al-Sultan. I ráiteas, dúirt aireacht sláinte Hamas san iamhchríoch Phalaistíneach gur ionad leis na Náisiúin Aontaithe a bhí ann agus gur mná agus páistí a bhí i bhformhór na n-íospartach. Tharla an t-ionsaí i lár na hoíche agus na teifigh ina gcodladh i bpubaill, a chuaigh trí thine go héasca. Loisceadh go leor ina mbeatha agus cuireadh cuid eile ó aithne sa tine. Bhí go leor eile dóite go holc agus drochsheans go dtiocfadh siad as. Ina theannta sin bhí easpa cúraim leighis ann, agus ganntanas pianmhúchán ann fiú. Ní raibh uisce ann chun na tinte a mhúchadh, nó a ól fiú.[7]
Os a choinne sin, dúirt Arm Iosrael gur "ionad le Hamas" a bhí ann agus gur "maraíodh beirt oifigeach shinsearach" san eagraíocht sin de bharr an ionsaithe. Thug na hIosraelaigh le fios go bhfuair siad tuairisc "go ndearnadh díobháil do roinnt sibhialtach nuair a adhnadh tine sa cheantar mar gheall ar an ionsaí" agus mhaígh siad go raibh an scéal á fhiosrú acu.[1]
Tharraing Iosrael cáineadh neamhbhalbh timpeall an domhain gan choinne ar an 26 Bealtaine 2024.
Cháin an Tánaiste (agus Aire Gnóthaí Eachtracha) Micheál Martin ionsaí na nIosraelach ar an ionad teifeach in Rafah go láidir. Ag labhairt dó sa Bhruiséil, dúirt sé gur "ionsaí barbartha" a bhí ann agus thug le fios gur thuar na Náisiúin Aontaithe go mbeadh sléachta mar é ann dá leanfadh na hIosraelaigh dá gcúrsa.[1][8][9]
Dúirt Príomh-aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, go raibh "botún" déanta agus gur "tragóid" a bhí ann.[10]
Bhí sé ráite go minic ag Joe Biden roimh an t-ionsaí seo go raibh sé glan in aghaidh ionradh mór a dhéanamh ar Rafah. Ach ag preasócáid in Washington, dúirt an t-urlabhraí John F. Kirby nach gcreideann Joe Biden gur "ionradh uileghabhálach" a bhí san ionsaí. Tagann a raibh le rá ag John F. Kirby le ráiteas eile ó Rialtas na Stát Aontaithe ina ndúradh gur "ionsaí teoranta" a bhí ann.[11]