| ||||
Cineál | ionsaí dróin coir chogaidh eirleach | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Cogadht Iosrael-Hamas | |||
Dáta na bliana | 1 Aibreán 2024 | |||
Suíomh | Deir al-Balah, Stát na Palaistíne (en) , Stráice Gaza | |||
Tír | Stát na Palaistíne agus Israeli-occupied territories (en) | |||
Sprioc | World Central Kitchen | |||
Líon básanna | 7 | |||
Déantóir na coire | Fórsaí Cosanta Iosrael | |||
Arm | Elbit Hermes 450 (en) | |||
Tharla ionsaí de chuid Iosrael ar World Central Kitchen i lár stráice Gaza ar an 1 Aibreán 2024.[1][2]
Ina ráiteas dúirt an eagraíocht fóirithinte World Central Kitchen (WCK): “D’ainneoin go ndearnadh ár ngluaiseachtaí a chomhordú le harm Iosrael, buaileadh an conbhua agus iad ag fágáil an stóir in Deir al-Balah, áit a raibh an fhoireann tar éis 100 tonna cúnamh bia daonnúil a dhílódáil, cúnamh a tugadh isteach go Gaza ar an bhfarraige.”[3]
Dúirt an Príomh-Aire Iosrael nár tharla sé d'aon ghnó, ach níor gabhadh aon phardún faoi.[4] "Ní eachtra aonair é seo" a dúirt an tUachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden agus "toradh é nach féidir a sheachaint sa slí ina bhfuil an cogadh á stiúradh", a dúirt na Náisiúin Aontaithe.
Bhí na n-oibrithe araon ag taisteal i 3 charr a raibh comhartha WCK le feiceáil orthu. Ainneoin go raibh comhordú idir iad agus Fórsaí Cosanta Iosrael buaileadh ón aer iad i ndiaidh dhóibh breis is 100 tonna de lastas a fhágáil ag teach stórais i nGaza.
I bhfíseán de chuid AFP [Agence France-Presse] bhí an poll a cuireadh i ndíon carr amháin le feiceáil. Bhí an carr dubh dóite agus lógó an ghrúpa fóirithinte pollta.
Maraíodh seachtar oibrí fóirithinte. Bhí saoránaigh ón Astráil, ón Bhreatain agus ón Pholainn i measc an tseachtair a maraíodh a bhuíochas don ionsaí a rinneadh ar na feithiclí ina raibh siad. Bhí fear eile a bhfuil saoránacht de chuid Mheiriceá agus Cheanada aige chomh maith le Palaistínigh i measc na marbh freisin. Bhí siad go léir ag obair don eagraíocht dáilithe bia WCK: triúr as an mBreatain, John Chapman (57), Jim Henderson (33) agus James Kirby (47); an Palaistíneach Saifeddine Issam Ayad Abutaha (25); an tAstrálach Zomi Frankcom (43); an Polannach Damian Sobol (35) agus Jacob Flickinger (33) de bhunú Cheanada agus Mheiriceá.[7]
Le linn 7 D.F 2023 go 2 Aibreán 2024, chuir Iosrael líomhaintí i leith UNRWA / Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear[11], agus maraíodh 176 fostaithe de chuid UNRWA.[12] Dúirt Iosrael go raibh sé ag teastáil eagraíochtaí eile a chur i bhfeidhm, mar shampla WCK. Ach i ráiteas ón gcarthanacht WCK, dúradh go raibh siad ag éirí as a gcuid oibre faoi láthair mar gheall ar “an ionsaí a dhírigh Iosrael” orthu. D'fhill an long fóirithinte an Jennifer de chuid WCK ar an gCipir agus 240 tonna ábhair fós ar bord aici.[7]
Thosaigh WCK ag obair arís i nGaza ar 1 Bealtaine 2024.
Tá Gaza faoi imshuí le fada ag Iosrael agus bhí dianghlasáil déanta ar an stráice cúng ó thosaigh an ghéar-chogaíocht in 2023.[7] Chuir Iosrael Gaza faoi léigear agus tharla gorta in 2024.
Scaoil Iosrael le carr de chuid WCK ar 30 Máirt 2024; tháinig an tiománaí slán as an ionsaí.[2]